‘Ar bhruach na Sionainne ag Faing i gContae Luimnigh a rugadh agus a tógadh í agus ba dhóigh le daoine go raibh spiorad agus fuinneamh na habhann móire sin ina haigne agus ina cuislí. Bhí sí chomh Gaelach le spiorad an mhórshrutha féin’, a dúirt Dubhghlas de hÍde in An tEaglaiseach Gaelach, Eanáir 1925. Dar leis go raibh na Rísigh chomh Gaelach leis na Gaeil iad féin le linn Séamus a Dó a bheith i gcoróin: go ndúirt file áirithe go raibh an báire anois ag na Gaeil toisc Dálaigh agus Rísigh a bheith ar an mbinse sna cúirteanna.

Ar 14 Meán Fómhair 1880 a rugadh í. Ba é Sir Thomas Spring Rice, an dara Barún Monteagle, a hathair. Is gnách Bréanann, Co. Chiarraí, agus Mount Trenchard, Faing, Co. Luimnigh, a lua mar áitrimh aige. Ba í Elizabeth Butcher, iníon le Samuel, Easpag na Mí, a máthair agus luaitear beirt deartháireacha: Stephen Edmond (rugadh 23 Iúil 1877) agus Thomas Aubrey (rugadh ar 3 Samhain 1883). Aintín léi ba ea Alice Spring Rice (d’éag ar 23 Feabhra 1929). Luaitear in An Claidheamh Soluis 6 Aibreán 1912 Hon. C. Spring Rice (Sir Cecil Spring Rice a bhí ina ambasadóir ag an mBreatain sna Stáit Aontaithe, b’fhéidir — ba chol ceathar le Mary é) agus Hon. Amy Spring Rice, in éineacht le Alice agus Mary, i measc na ndaoine a thug síntiúis do Choláiste Uí Chomhraí.

Thug An Craoibhín cuairt ar Fhaing ar 5 Lúnasa 1891 (Dominic Daly, The young Douglas Hyde: the dawn of the Irish revolution and renaissance, 1874-1893, 1974) agus in 1925 ba chuimhin leis go raibh Gaeilge le cloisteáil sna tithe timpeall an bhaile. Thuairimigh sé gurbh ó sheandaoine na háite a fuair Mary eolas uirthi ar dtús. Ba chuimhin leis í á labhairt aici nuair nach raibh sí ach 15 bliana d’aois. B’fhéidir go raibh tionchar uirthi ag Searlot Gráinne Ní Bhriain, iníon William Smith O’Brien, a bhí ag cur fúithi sa chomharsanacht. Is aicisean a bhíodh An Craoibhín ar cuairt.

Cheangail Mary le hArd-Chraobh Chonradh na Gaeilge ar 7 Márta 1899 (An Claidheamh Soluis 18 Márta 1899) agus glacadh léi mar bhall de Chraobh Londan ar 22 Aibreán 1901 (ibid 11 Bealtaine 1901). Bhí teach ag a hathair sa chathair sin. Bhí Mary i gceannas an ardranga ag Craobh Fhaing (ibid 20 Nollaig 1902). Tuairiscíodh coicíos roimhe sin gurbh í a d’eagraigh scoraíocht bhreá ar bhruach na Sionainne. Bhí sí ina ball de choiste stiúrtha Choláiste Uí Chomhraí ó thús (ibid 23 Márta 1912). Faoin am sin ba náisiúnaí amach is amach í. Chuir sí Proinsias Ó Súilleabháin, a bhí fostaithe aici mar mhúinteoir i bhFaing, ó dheas go Ciarraí féachaint cá bhféadfaí arm a thabhairt i dtír ann (Inniu 15 Eanáir 1954). Bhí sí ar bord an Asgard nuair a tugadh na gunnaí i dtír i mBinn Éadair ar 26 Iúil 1914. Bhíodh ranganna banaltrais ar bun aici sa Ghleann le linn Chogadh na Saoirse agus thugadh sí féin aire do na hÓglaigh a gortaíodh. Bhí sí ina ball de choiste The United Irishwomen (as ar fhás Bantracht na Tuaithe) agus bhí baint mhór aici le gluaiseacht na gcomharchumann. Is i dteach a hathar i bhFaing a bhunaigh Sir Horace Plunkett an chéad chomharchumann in Éirinn. Ait go leor ba é Paddy ‘The Cope’ Gallagher a chuir in aithne do Erskine Childers í nuair a bhí Paddy agus í féin i mbun stainnín ag an aonach a chuireadh Conradh na Gaeilge ar siúl i Londain chun déantúis na hÉireann, lása Luimnigh go háirithe, a dhíol. Tá tagairtí go leor ag an nGallchóireach di ina leabhar My story. Sórt ‘parish providence ... enthusiastically involved in every endeavour with the local community’ ba ea Mary, dar le Trevor West, údar Horace Plunkett: co-operation and politics, an Irish biography (1986). Bhíodh ranganna tís ar siúl aici féin agus a hAintín Alice i bhFaing.

D’éag sí sa Vale of Clwyd Sanatorium i dtuaisceart na Breataine Bige ar 1 Nollaig 1924 tar éis di bheith i ndrochshláinte le cúpla bliain. Dúradh in Fáinne an Lae 13 Nollaig 1924: ‘Bhí sí ar na daltaí ba dílse is ba dúthrachtaí dá raibh ag Conradh na Gaeilge. Gael go smior a bhí inti ina cheann sin....’ Tá sí curtha i dteampall dúchais a muintire sa Leamhchoill. Baill agus iarbhaill d’arm na Poblachta agus baill de Cheardchumann na nOibrithe Iompair a thug an cónra chun na reilge. Níor phós sí riamh. Dar le Oliver St John Gogarty gur thug Diarmuid Trinseach grá leatromach di. Is ar scéal a beatha a bhunaigh Lennox Robinson a dhráma The big house.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú