Nuair a cailleadh é is í an cheannlíne a bhí ag Irish News and Belfast Morning News 29 Márta 1975: ‘North’s most distinguished Gael dies’.

I gCarraig an Staicín, Co. Ard Mhacha, a rugadh é 8 Meán Fómhair 1896. Feirmeoir ba ea a athair, James, agus ba í Brigid McCann a mháthair. Cuireadh síos ar fhoirm Dhaonáireamh 1911 go raibh Gaeilge ag Pádraig (14) agus ag an deirfiúr ab óige (10) ach nach raibh sí ag an gcailín a bhí 13 bliana d’aois. Bhí an t-athair 44 bliana d’aois ag an am agus Brigid 33 agus bhí siad pósta le 16 bliana.

In An tUltach, Bealtaine 1975, deir R. a’ Ch. gur ghnách le Pádraig agus é ina thachrán bheith ar cuairt ag seanbhean a bhí ina comharsa béaldorais aige. ‘Chuala sé ansin faoin Chraobh Rua, faoi Fhionn agus na Fianna; d’éist sé le hamhráin agus le dánta, d’fhoghluim sé seanphaidreacha agus beannachtaí a bhíodh sa tsean-am ag an mhuintir ar díofa é’. Dúradh in Inniu 18 Meitheamh 1976: ‘Fuair sé a chéad cheachtanna sa Ghaeilge ó na cainteoirí dúchais thart fá Ó Méith agus i ndeisceart Ard Mhacha’.

Cháiligh sé mar mhúinteoir náisiúnta i gColáiste de la Salle, Port Láirge. Fuair sé BA agus MA ar ball ó Ollscoil Londan. Bhí sé ag múineadh Gaeilge i gColáiste Oideachais Naomh Muire, Bóthar na bhFál, Béal Feirste, agus chaith sé an scór bliain deiridh dá shaol oibre ina phríomhoide i Scoil Náisiúnta Naomh Pádraig, Ard Mhic Nasca, Co. an Dúin. Ba é príomhscrúdaitheoir Gaeilge Bhord Oideachais Thuaisceart na hÉireann é.

Chuaigh sé go Rann na Feirste den chéad uair timpeall 1921. D’fhreastail sé an bhliain dár gcionn ar ranganna Gaeilge a bhí eagraithe ag grúpa ó Bhéal Feirste sa scoil náisiúnta. Nuair a tógadh Coláiste Bhríde i Rann na Feirste chabhraigh sé go mór leis an Athair Lorcán Ó Muireadhaigh: ba é a ghríosaigh muintir na háite chun caoi a chur ar a gcuid tithe d’fhonn lóistín a bheith ar fáil. Ba é a bhí ina uachtarán ar an gColáiste i ndiaidh Uí Mhuireadhaigh agus ina ardmháistir ann freisin. In An tUltach, Meitheamh 1975, tá aiste dar teideal ‘Pádraig Mac Con Midhe agus Coláiste Bhríde’ ag Joseph Ó Searcaigh, agus, ag Dónall (Dhonnchaidh) Ó Dónaill, Rann na Feirste, tá ‘M’eolas-sa ar Phádraig Mac Con Midhe’.

Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chomhaltas Uladh agus bheadh ina rúnaí, ina chisteoir ar ball agus ina uachtarán sa deireadh. In An tUltach, Aibreán 1975, dúirt Anraí Mac Giolla Chomhaill: ‘Do chuid mhór againn b’ionann Pádraig agus An tUltach. Ba é an ceangal deireanach é (diomaite de Mháire Ní Rógáin) le ré ghlórmhar an Athar Uí Mhuireadhaigh. Ba é Pádraig a choinnigh an iris seo ar a bonnaí ar feadh na mblianta agus ba í a dhíograis a spreag an chuid eile againn le leanstan ar aghaidh nuair a shíl muid go minic nárbh fhiú an trioblóid’.

Pearsa mhór le rá ba ea é i gcúrsaí Chumann Lúthchleas Gael ó 1931 ar aghaidh. Bhí sé ina uachtarán acu ó 1938 go 1943. In A hidden Ulster: People, songs and traditions of Oriel, 2003 deir Pádraigín Ní Uallacháin: ‘He published a census of the last surviving Irish-speakers in the six counties of Ulster in An tUltach 20 April 1943.’ Tugann sí freisin ainm na seanmhná, comharsa leis, ar fhoghlaim sé Gaeilge dúchais Ard Mhacha uaithi agus é ina thachrán: Margaret Modartha Kelly. Tá cuntas uirthi sin ag Pádraigín (lch 398-9). Ba bheag roimhe a bhí sa phost ar feadh tréimhse cúig mbliana agus ní raibh duine ar bith ina dhiaidh. Poist eile a bhí aige sa Chumann: uachtarán ar Chomhairle Uladh ar feadh dhá thréimhse, iontaobhaí ag an Ard-Chomhairle, buanbhall den choiste staire agus de na coistí a raibh cúram na Gaeilge acu, cathaoirleach an choimisiúin a d’fhoilsigh tuarascáil mhór an Chumainn i 1971. Faoin teideal ‘Fathach Fir’, déanann Seán Ó Síocháin cur síos ar a ndearna sé in An tUltach, Meitheamh 1975.

Ba é an chéad uachtarán é ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus bhí ina bhall de Choiste Comhairleach Radio Éireann a bhí ag iarraidh a áitiú ar an Roinn Oideachais go nglacfaidís le cláir raidió mar chuid de chúrsa léinn na mbunscoileanna. Ceapadh é ina bhall de Chomhairle Radio Éireann i 1953.

Ó 1942 amach bhí na céadta aistí i gcló aige in An tUltach. Scríobh sé: Bealach na scéalaíochta, g.d. (ar foilsíodh eagrán méadaithe de faoin teideal Seanchas sua, 1971); Tír Tairngre, 1975.

Bhí sé pósta ar Sally Moore, múinteoir, agus d’éag sé 28 Márta 1975 ina theach ‘Bláithín’, Ard Mhic Nasca. Tuairiscíodh in Inniu 18 Meitheamh 1976 gur nocht Tomás Ó Fiaich leacht i gcuimhne air i Rann na Feirste.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú