I mBaile Átha Cliath a rugadh é ar 26 Iúil 1903. Ní raibh teacht ar theastas breithe. Ba iad a mhuintir, ní foláir, an teaghlach a bhí ina gcónaí ag 2 Ardán Brooklyn, An Cuarbhóthar Theas, Baile Átha Cliath. Is mar seo a cuireadh síos orthu i nDaonáireamh 1911: William John Pasker (35), cléireach sórtála agus teileagrafaí; a bhean Kathleen (32); John William (7.5). Bhí an lánúin pósta le naoi mbliana agus bhí beirt den triúr a rugadh dóibh beo go fóill. Bhí beirt lóistéirí sa teach. Bhain William agus a bhean le hEaglais na hÉireann. Ach is san eaglais Phreispitéireach, Cé Urmhumhan, a phós siad, William Pasker agus Kathleen Connell, 7 Bealtaine 1902; taispeánann taifead an phósta go raibh athair William sa gharda cósta agus go raibh athair Kathleen ina oifigeach sna Ceithre Chúirt. Maraíodh William i 1917 nuair a cuireadh an Leinster go tóin poill. Tar éis freastail ar Scoil Náisiúnta Dhún Uabhair chuaigh Seán go dtí an Scoil Dheoiseach i Sráid Theach Laighean. Fuair sé post státseirbhísigh i Londain agus ann a d’fhoghlaim Gaeilge. Chaitheadh sé a laethanta saoire i dTír Chonaill agus ar an gCeathrú Rua.

Aistríodh é go Béal Feirste i 1935 nuair a d’iarr sé sin agus dhá bhliain ina dhiaidh sin chuir sé rang Gaeilge ar bun sa Clarence Place Hall ann agus ina dhiaidh sin sa N.S.P.C.C. Hall. Nuair a thosaigh an cogadh i 1939 aistríodh go dtí an Chorr Chríochach i dTír Eoghain é agus bhí rang ar siúl aige ansin. Bhunaigh sé an Caidreamh Gaelach sa Y.M.C.A. ag 12 Plás Wellington, Béal Feirste. ‘An chuspóir a chuir sé roimhe féin agus roimh na mic léinn tírghrá agus suim sa Ghaeilge a mhúscladh i bProtastúnaigh. Mhínigh sé do na daoine go raibh baint ag an teanga le náisiúntacht ach nach raibh baint aici le polaitíocht. Bhí toradh ar a shaothar: tháinig neart daoine isteach sa rang agus lean cuid mhaith acu go dtí go bhfuair siad an Fáinne’, a dúirt Pádraig Mac Conmidhe in An tUltach, Samhain 1965.

Bhí dúil aige sa rothaíocht, sa tseandálaíocht, sa snámh agus san iascaireacht. Bhí guth maith aige agus ghnóthaigh sé bonn ag Feis Bhéal Feirste. Veidhleadóir maith é freisin. Creidtear nach bhfuair sé ardú céime fad a bhí sé i mBéal Feirste toisc na spéise a bhí aige sa Ghaeilge. Bhí sé ag iascaireacht i nGaoth Dobhair nuair a bhuail tinneas a bháis é. D’éag sé 19 Meán Fómhair 1965 i mBéal Feirste agus cuireadh é i reilig Chnoc Ieróm i mBaile Átha Cliath i ndiaidh seirbhíse in Eaglais Phreispitéireach na Carraige Duibhe. Tá cuntais air, in Inniu 9 Deireadh Fómhair 1965, ag Risteárd Ó Glaisne in Feasta, Eanáir 1983 agus ag Roger Blaney in Presbyterians and the Irish Language, 1996. Níor phós sé. Deir Blaney: ‘His ambition was to help towards healing ancient wounds and if he had been part of a more understanding society, his efforts would doubtlessly have been recognised by official honours. The Irish language community, however, was very appreciative of his courage and of the importance of his valuable work’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú