Tá cuntas ar shaol an bhailitheora amhrán seo ag a iníon Pádraigín in A hidden Ulster: People, songs and traditions of Oriel, 2003. Tar éis a bháis scríobh Pádraig Mac Conmidhe faoi in An tUltach go raibh sé ar na daoine ba fhearr a raibh labhairt na Gaeilge acu lasmuigh den Ghaeltacht. Mac ba ea é le James Weldon ó Chontae na Mí agus Annie Courtney (Nic Cuarta) ó Chontae Ard Mhacha agus is i nDún Dealgan a rugadh é 28 Márta 1912. Bhí sé ar na chéad daltaí ar cuireadh oideachas trí Ghaeilge orthu i scoil na mBráithre Críostaí sa bhaile sin i 1924. ‘Ó Bhéaladúin’ an sloinne Gaeilge a bhí air nuair a roghnaigh an tAthair Lorcán Ó Muireadhaigh i 1926 é mar dhuine díobh sin a bhfóinfeadh tamall i Rann na Feirste dóibh. Ní raibh aon bhliain as sin amach nár chaith sé tamall den samhradh san áit sin. Bhí sé ina rúnaí ag Coláiste Bhríde ann ó 1937 go ceann deich mbliana.

Faoi 1939 bhí léite aige gur ceann é ‘Weldon’ de leaganacha gallda an sloinne ‘Ó hUallacháin’ agus rinne an t-athrú le gníomhas aon pháirtí. Chabhraíodh sé leis an Muireadhach, ar chara mór leis é, chun eagar a chur ar An tUltach agus scríobhadh cuid de na heagarfhocail. Bhí sé féin ina eagarthóir 1940-44. Mar chigire réigiúnach de chuid Roinn an Oideachais bhíodh air a theaghlach a aistriú anseo nó ansiúd gach cúigiú bliain.

Bhailigh Pádraig amhráin, paidreacha agus scéalta i nDún na nGall agus bhailigh ábhar Gaeilge freisin sa Chabhán agus ar theorainn Ard Mhacha agus . Tá cur síos cuimsitheach ar an ábhar sin in A Hidden Ulster. Bhí de rún aige eagar a chur ar an mbailiúchán seo ach sciob an bás é Aoine an Chéasta, 12 Aibreán 1974. Tá sé curtha in Dowdallshill, Dún Dealgan.

Bhí sé pósta ar Eithne Devlin ó Choilleach Eanach, Co. Ard Mhacha, agus bhí ochtar leanaí acu. Amhránaithe aitheanta, gan amhras, beirt díobh, Pádraigín agus Eithne. I mBéal an Átha, Co. Mhaigh Eo, a rugadh Eithne 10 Eanáir 1957. Tar éis scolaíochta i dTír Chonaill agus i nDún Dealgan bhí sí in Ollscoil Uladh, Cúil Rathain. Mar bhall de ‘Lá Lugh’ thaifid sí amhráin ar thrí dhlúthdhiosca: ‘Lá Lugh’, ‘Brigid’s Kiss’ agus ‘Senex Puer’. Rinné sí LP ar lipéad Ghael Linn, ‘Cosa gan Bróga’. D’éag sí 19 Bealtaine 1999. Iníon eile le Pádraig is ea Íde a scríobh an saothar scolártha Exempla Gaeilge: an cnuasach exempla Gaeilge sa ls. 20978-9 i Leabharlann Ríoga na Bruiséile, 2004.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú