Bhí sé ina ollamh le Béarla i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe agus bhí baint an-mhór aige le Taibhdhearc na Gaillimhe mar stiúrthóir, léiritheoir, drámadóir, agus mar chathaoirleach ar an mbord ar feadh 12 bliain. Gheofar cuntas ar chúrsaí a shaoil in From Queen’s College to National University: essays on the academic history of QCG / UCG / NUI, Galway, 1999 in eagar ag Tadhg Foley. Tá cuntas iarbháis ag Christopher Townley in Capuchin Annual, 1967. Bhí píosa dar teideal ‘Gaedheal Léannta’ in Ar Aghaidh, Eanáir 1934. I mBaile an Chollaigh, Corcaigh, a rugadh é. Tógálaí a athair agus múinteoir a mháthair. Tar éis meánoideachais sa Mhainistir Thuaidh, Corcaigh, ghnóthaigh sé bunchéim agus céim mháistir sa Bhéarla i gColáiste Ollscoile Chorcaí. Is de bharr croinicí na hAngla-Shacsanaise a aistriú go Gaeilge a ghnóthaigh sé PhD i 1932. Is é a scríobh an scrúdaitheoir seachtrach i dtaobh an tráchtais sin: ‘In it the Irish students of the English language and Irish historical students have a scientific work more reliable than anything that exists in English.’

Chaith sé trí bliana ag múineadh i mbunscoileanna ar dtús agus 15 bliain i meánscoileanna de chuid na mBráithre Críostaí i gCeatharlach agus i gCorcaigh sular ceapadh é ina chúntóir ag an Ollamh Dónall Ó Corcora i gCorcaigh i 1931. Bhí an ollúnacht i nGaillimh aige ó 1934 go 1965. Bhí baint aige le saol liteartha agus cultúrtha na cathrach i rith an achair sin. Is beag saothar scríofa a d’fhág sé ina dhiaidh. Péire novella is ea Hewn of the Rock, 1931. Bhíodh aistí aige go rialta in Capuchin Annual agus tá siad liostaithe in From Queen’s College to National University. Leis an drámaíocht agus an amharclannaíocht i gcoitinne, i gCorcaigh ar dtús agus ansin i nGaillimh, a chaith sé cuid mhór dá dhúthracht. D’athbhunaigh sé an Cumann Drámaíochta san ollscoil i nGaillimh. Bhí sé tamall ar bhord Amharclann na Mainistreach.

Tugann Aguisín III (‘Taibhdhearc na Gaillimhe: Clár na Léirithe 1928-1970’) ag Pádraig Ó Siadhail in Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, 1993 léargas ar ar éirigh leis a dhéanamh idir 1936 agus 1964. B’fhéidir gurbh é an rud is suaithinsí ann ar scríobh sé de bhundrámaí agus geamaireachtaí i gcomhar le daoine mar Thomás S. Ó Máille, Seán Mac Réamoinn, Tomás Ó Raghallaigh agus daoine eile. Deir Ó Siadhail faoina bhundrámaí: ‘Tríd is tríd, bhí mianach bhundrámaí scríbhneoirí na Taibhdheirce an-íseal .... I ndrámaí Uí Mhurchadha, mar shampla in Éiric Fuilteach (1938) agus in Síol comhraic (1939) b’fhollas ... áis a bheith san eachtraíocht is sa tsnastacht chun an lucht féachana a tharraingt isteach san amharclann.’ D’fhoilsigh an GúmMilleadh, aistriúchán a rinne T.S. Ó Máille ar a dhráma Desecration. D’éag sé ar 20 Feabhra 1966.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú