Tá sé ar dhuine den triúr sagart a dúnmharaíodh i rith Chogadh na Saoirse. Is cuntas maith ar ar tharla dó an chaibidil ‘Dúnmharú an Athar Uí Cheallacháin’ in Liam de Róiste, 1976 le Diarmuid Ó Murchadha. I Láthair an Bhuailte i bparóiste Bhaile Níos, Co. Chorcaí, a rugadh é ar 22 Aibreán 1883. John Callaghan, feirmeoir, a athair agus ba í Mary Hennessy a mháthair. Faoi Dhaonáireamh 1901 bhí an t-athair agus an mháthair marbh. Chuir an iníon ba shine (32) síos go raibh Gaeilge aici féin agus ag a deirfiúr (20) agus ag a deartháir (19) agus ag uncail léi (50) ach nach raibh sí ag a deirfiúr (16) ná ag an bheirt deartháireacha óga (4 agus 9). Ní raibh Séamus sa teach oíche an Daonáirimh. Tar éis oideachais i gColáiste Bharra i bhFearann Phiarais bhí sé i Maigh Nuad. Chuir sé spéis sa Ghaeilge le linn dó a bheith ann. Oirníodh é um Meitheamh 1908. Sagairt ba ea cúigear dá uncailí.

Chaith sé tamall ag obair i bparóiste Uíbh Laoghaire timpeall 1911. Cuireadh siar ansin é mar chúntóir nuair a bhí an sagart paróiste gan a bheith ar fónamh. Ghlac sé páirt in obair Choláiste na Mumhan agus bhí ina ardmháistir ar feadh seisiúin amháin i 1912. Chaith sé tamaill ann ina mhúinteoir, ina dhéan cónaithe agus ina bhall den choiste. I 1913 ba é an chéad sagart cúnta é a ceapadh go lánaimseartha i mBéal Átha an Ghaorthaidh. Aistríodh é go paróiste na hArdeaglaise, cathair Chorcaí, i 1917, agus mhúineadh sé ranganna i gcoláiste geimhridh a bhain le Coláiste na Mumhan. I nDeireadh Fómhair 1920 ceapadh é ina shagart cúnta sna Cloichíní.

I mBéal Átha an Ghaorthaidh a d’éirigh sé cairdiúil le Liam de Róiste. D’iarr sé air cead fanacht ina theachsan sa chathair fad a bhí sé ag lorg tí sna Cloichíní. Chuaigh sé chun cónaithe ann Lá Samhna 1920. Ar 13 Márta 1921 lámhaigh saighdiúirí a uncail Tomás Ó hAonghusa i bhfeirm in aice Bhun an Tábhairne. Ar 14 Bealtaine 1921 maraíodh constábla sa Linn Dubh. Rud a chuir leis an gcontúirt go rabhthas díreach tar éis an Róisteach a thoghadh gan freasúra mar bhall parlaiminte agus comhairlíodh dó gan an oíche a chaitheamh sa bhaile. Tuairim a ceathair a chlog maidin Dhomhnach Cincíse (15 Bealtaine) bhris Dúchrónaigh isteach sa teach á lorg agus lámhaigh an sagart. D’éag sé an tráthnóna sin. Cuireadh é an Mháirt dár gcionn i séipéal na gCloichíní. Muintir an pharóiste a d’iarr an achainí sin. Cuireadh leacht suas ar a uaigh ar 16 Meitheamh 1971.

Dúradh in Cork Examiner 19 Bealtaine 1921: ‘Le deich mbliana ar a laghad dhein sé cúram mór den Ghaeilge—i bparóiste Uíbh Laoghaire agus anseo i gcathair Chorcaí. Agus aon ní nua a chabhródh le múineadh na teanga rachadh sé aon fhad ó bhaile chun an ní sin a scrúdú. Nuair a cuireadh i mbun Coláiste na Mumhan sa chathair seo é an chéad bhliain chaith sé an samhradh san go léir ag faire na hoibre ins na coláistí eile Gaeilge (go mór mhór i gColáiste Ó Méith Mara in Ultaibh mar a raibh Módh Múinte an Athar Domhnall Ó Tuathail ar bun) féachaint an raibh aon ní i dtaobh múineadh ceart na teanga ag dul ó Choláiste na Mumhan’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú