Tá aiste chuimsitheach dar teideal ‘John Canon Lyons 1836–1908: A Forgotten Irish Scholar’ le Diarmuid Ó Murchadha i gcló in Journal of the Cork Historical and Archaeological Society, Iml. 107, 2002. Bhíodh aistí ag an sagart seo ar an stair áitiúil agus ar logainmneacha san iris sin agus bhí sé ar dhune de leasuachtaráin an chumainn ar feadh tamaill; ceannródaí ba ea é sa logainmníocht agus ba mhinic na ceartfhoirmeacha Gaeilge i gclár na mbaistí aige i gCill Mhichíl. Bhí eolas maith aige ar an nGaeilge óna óige. Tá na lámhscríbhinní Gaeilge a chnuasaigh sé i gColáiste Ollscoile Chorcaí agus tá cuntas orthu ag Tadhg Ó Donnchadha in Journal of the Ivernian Society 1914–15. Bhí dúil aige san fhoclóireacht agus d’fhoilsigh sé in Archiv für celtische Lexikographie, 1898 notaí ar fhocail Ghaeilge i lámhscríbhinn a bhí in eagar ag Whitley Stokes in 1860, A medieval tract on Latin declension. In 1894 bhí Eoghan Ó Gramhnaigh ag téisclim chun foclóir a chur le chéile agus thug an tAthair Ó Leighin stór d’fhocail i gcanúint a dhúiche féin dó nach raibh feicthe ag an nGramhnach riamh cheana.

Sa Tóchar in aice le Dún Mánmhaí, Co. Chorcaí, mar a raibh feirm 120 acra ag a athair Séamus, a rugadh é. Bhí de ghrá aige ar an mbaile fearainn sin gur fhéach sé le seanchaisleán an Tóchair a dheisiú. Tuairimíonn Ó Murchadha gur sa scoil áitiúil i nDoire na Cathrach nó i nDún Mánmhaí féin a cuireadh bunoideachas air. D’fhreastail sé ar chliarscoil Naomh Uinseann i gCorcaigh roimh dhul go Coláiste na nGael i bPáras dó. Oirníodh é in 1862 agus bhí sé ag obair sa Ghóilín, i mBaile Níos, i gCathrach, in Inse Geimhleach agus i nDroichead na Bandan. Ceapadh é ina shagart paróiste i gCill Mhichíl in 1884. D’aistrigh sé go Baile an Mhanaigh in 1899 agus rinne canónach de. Ba é a pharóiste deiridh Cionn tSáile mar a raibh Déanacht Chionn tSáile ina chúram. D’éag sé 26 Meán Fómhair 1908. Cuireadh suas plaic in eaglais Naomh Eoin Baiste i gCionn tSáile ar a bhfuil scríbhinn sa tSean-Ghaeilge. Tá a ainm ar liosta na síntiúsóirí in Irisleabhar na Gaedhilge in 1883. (Tá na húdair buíoch de Dhiarmuid Ó Murchadha).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú