Bhí sé ina uachtarán ar Choláiste Ollscoile na Gaillimhe 1975–96. Sa Rinn, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge, a rugadh é 19 Meán Fómhair 1926. Ba é an duine ba shine é den triúr clainne a bhí ag Séamus Ó hEocha (‘An Fear Mór’) agus a bhean Mairéad Ní Dhruacháin. Bhí sé ar scoil sa Rinn, i Scoil na mBráithre Críostaí i nDún Garbhán, agus i gColáiste Íosagáin i mBaile Bhuirne, Co. Chorcaí, sular chláraigh sé mar mhac léinn i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe. Bhí aistí i dtaobh na heolaíochta i gcló aige in Comhar idir 1948 agus 1959. Tar éis dó céim mháistir san eolaíocht a fháil chuaigh sé go hOllscoil California mar a raibh post cúntóra taighde aige 1952–55 agus mar a bhfuair sé dochtúireacht. Bhí sé ina léachtóir le ceimic i nGaillimh 1955–61 agus ina chomhalta taighde in Ollscoil Minnesota 1961–62. Ba é an chéad ollamh le bithcheimic é i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe 1962–75. Ceapadh ina chathaoirleach é ar an gComhairle Náisiúnta Eolaíochta i 1967 agus an bhliain dár gcionn ceapadh é ina bhall den Údarás um Ardoideachas. D’éirigh leis acmhainní airgid a fháil chun cabhrú le cúrsaí taighde eolaíochta a fhorbairt i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe.

Nuair a toghadh é ina uachtarán ar an gColáiste rinne sé gach dícheall chun go mbeadh lucht tionsclaíochta agus an ollscoil ag comhoibriú le chéile. Ceapadh é ina chathaoirleach i 1983 ar an bhFóram a cuireadh ar bun d’fhonn teacht ar réiteach bunreachtúil ar cheist Thuaisceart na hÉireann. Ó 1989 go 1993 bhí sé ina chathaoirleach ar an gComhairle Ealaíon. Is iomaí onóir a bronnadh air: saoirse na Gaillimhe, dochtúireachtaí ó Ollscoil na Ríona, ó Choláiste na Tríonóide, ó Ollscoil Luimnigh; rinneadh chevalier de sa Légion d’Honneur. D’éirigh sé as a phost in Iúil 1996 agus d’éag 19 Bealtaine 1997. Phós sé Daiden Fahy i 1957 agus bhí triúr mac agus tríur iníonacha acu.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú