Ó hEOCHA, Colm (1926–1997) Colm Ó hEOCHA 1926 1997 An Rinn, Co. Phort Láirge M Scoil na mBráithre Críostaí, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge Coláiste Íosagáin, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí Ollscoil na hÉireann, Gaillimh bithcheimiceoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Bhí sé ina uachtarán ar Choláiste Ollscoile na Gaillimhe 1975–96. Sa Rinn, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge, a rugadh é 19 Meán Fómhair 1926. Ba é an duine ba shine é den triúr clainne a bhí ag Séamus Ó hEocha [B5] (‘An Fear Mór’) agus a bhean Mairéad Ní Dhruacháin. Bhí sé ar scoil sa Rinn, i Scoil na mBráithre Críostaí i nDún Garbhán, agus i gColáiste Íosagáin i mBaile Bhuirne, Co. Chorcaí, sular chláraigh sé mar mhac léinn i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe. Bhí aistí i dtaobh na heolaíochta i gcló aige in Comhar idir 1948 agus 1959. Tar éis dó céim mháistir san eolaíocht a fháil chuaigh sé go hOllscoil California mar a raibh post cúntóra taighde aige 1952–55 agus mar a bhfuair sé dochtúireacht. Bhí sé ina léachtóir le ceimic i nGaillimh 1955–61 agus ina chomhalta taighde in Ollscoil Minnesota 1961–62. Ba é an chéad ollamh le bithcheimic é i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe 1962–75. Ceapadh ina chathaoirleach é ar an gComhairle Náisiúnta Eolaíochta i 1967 agus an bhliain dár gcionn ceapadh é ina bhall den Údarás um Ardoideachas. D’éirigh leis acmhainní airgid a fháil chun cabhrú le cúrsaí taighde eolaíochta a fhorbairt i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe.

Nuair a toghadh é ina uachtarán ar an gColáiste rinne sé gach dícheall chun go mbeadh lucht tionsclaíochta agus an ollscoil ag comhoibriú le chéile. Ceapadh é ina chathaoirleach i 1983 ar an bhFóram a cuireadh ar bun d’fhonn teacht ar réiteach bunreachtúil ar cheist Thuaisceart na hÉireann. Ó 1989 go 1993 bhí sé ina chathaoirleach ar an gComhairle Ealaíon. Is iomaí onóir a bronnadh air: saoirse na Gaillimhe, dochtúireachtaí ó Ollscoil na Ríona, ó Choláiste na Tríonóide, ó Ollscoil Luimnigh; rinneadh chevalier de sa Légion d’Honneur. D’éirigh sé as a phost in Iúil 1996 agus d’éag 19 Bealtaine 1997. Phós sé Daiden Fahy i 1957 agus bhí triúr mac agus tríur iníonacha acu.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »