Bhí Carbery, mar is fearr a bhí aithne air, ar na hiriseoirí spóirt ba mhó le rá i leath tosaigh an 20ú haois. I bhFearann i bparóiste Ard Ó bhFicheallaigh, Cloich na Coillte, Co. Chorcaí, a rugadh é ar 17 Márta 1884. Feirmeoir ba ea a athair Denis. Ba í Peg O’Donovan a mháthair. Ba chainteoirí dúchais Gaeilge iad ach le Béarla a thóg siad a gclann. Is cosúil gur thug Pádraig cuid éigin de Ghaeilge an cheantair leis (“I had a good smattering of native Irish and had learned to read Father O’Growney and Fáinne an Lae at home”, dúirt sé in aiste a athfhoilsíodh in Vintage Carbery, 1984). Sórt breac-chainteora é. Tá cur síos aige ar shaol agus teanga an cheantair in Carbery’s Annual 1945 agus arís i 1953. Ag caint i dtaobh a athar deir sé: “On a harvest day he would climb to our bedroom, at about eight by the sun and shout at us in Irish: ‘Brostaigh! Brostaigh, a bhuachaillí! Tá an lá ag rith orainn’.” Agus tá an méid seo freisin aige: “A tireless, endless worker on the land, he was a tireless, endless reader, both of Irish and English, in all his leisure between the hours of sleep and work”.

I mbliainiris 1945 deir sé gur scoláire fáin ó iarthar Chairbre, Seán Máistir, an chéad fhear den treibh, tuairim 1641, a leag cos i bhFearann. Bhí ocht nglún díobh lonnaithe san áit sular rugadh Pádraig. Feirm mhór a bhí ag muintir Mhaothagáin ann gur roinneadh ar thriúr é roimh an nGorta.

Bhí sé sa scoil náisiúnta áitiúil go raibh sé 15 bliana déag. Bhí ardmhúinteoir ansiúd, Michael Madden, ar éirigh leis poist a fháil sa státseirbhís do na scórtha buachaillí. Nuair a thug Peadar Ó hAnnracháin cuairt ar an scoil seo in Aibreán 1902 fuair sé amach nach raibh aon Ghaeilge á múineadh ann. Dúirt sé freisin: “All the people know Irish well and speak it frequently but seldom aid the youth to learn it”. Chuaigh Pádraig isteach sa tseirbhís Chustaim agus Máil i mBaile Átha Cliath in 1899. Ba ghairid ann dó nuair a bhí sé i mbun ranga Gaeilge i gCraobh Ráth Maonais. Aistríodh go Londain é i 1902 agus bhí sé ar fhoireann Londan in aghaidh Chorcaí i gcluiche ceannais na hiomána an bhliain sin. Nuair a d’fhill sé ar Éirinn d’imir sé le Corcaigh in aghaidh Chill Chainnigh i gcraobhchluiche 1905. Bhuaigh sé teideal na hÉireann sa phreab, coiscéim agus léim i 1908. Deirtear feisin gur scoth rinceora é.

I ndiaidh Chorcaí agus tamaill i gceantar Chill Orglan bhí sé i gCill Mocheallóg. Faoi 1922 bhí sé ar ais i mBaile Átha Cliath. D’iarr P. S. Ó hÉigeartaigh air tráchtaireacht raidió a dhéanamh ar an gcluiche leathcheannais iomána idir Gaillimh agus Cill Chainnigh ar 29 Lúnasa 1926. Ní hamháin gurbh é an chéad tráchtaireacht raidió ar chluiche de chineál ar bith in Éirinn é ach meastar gurbh é an chéad uair riamh é ar domhan, gan na Stáit Aontaithe a chur san áireamh. Deir Seán Réamoinn in The History of the Revenue Commissioners go raibh líofacht Ghaeilge ag Carbery ach gurbh annamh a bhaineadh sé úsáid aisti ina chuid tráchtaireachta.

Bhí colún dar teideal Carbery’s Column sa Cork Weekly Examiner cheana féin aige ach chuir an obair raidió a ainm i mbéal an phobail. I 1934 d’éirigh sé as a phost sa státseirbhís chun dul le hiriseoireacht spóirt go lánaimseartha. Thosaigh sé ag scríobh faoi na cluichí gaelacha agus faoi chúrsáil don The Irish Times faoin ainm cleite “Pat O” agus lean air lena cholún san Weekly Examiner. Ó 1939 go 1965 thugadh sé amach an bhliainiris Carbery’s Annual agus bhíodh píosaí i nGaeilge óna pheann ann.

Bhí baint mhór aige le bunú an mhíosacháin An Camán a raibh Conradh na Gaeilge agus Cumann Lúthchleas Gael rannpháirteach inti. Foilsíodh an chéad uimhir i Meitheamh 1931.

Phós sé Johanna Scully, iníon fheirmeora óna áit dhúchais, i 1918 agus bhí seisear clainne acu. D’éag sé ar 4 Nollaig 1965.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú