MAC SÍTHIGH, Tomás (1908–1983)
Le caoinchead ó Shiobhán Uí Chadhain

I mBaile Eaglaise, naoi míle siar ón Daingean, Co. Chiarraí, a rugadh é ar 11 Samhain 1908. Ba iad a thuismitheoirí Peats Mac Síthigh, feirmeoir, agus Siobhán Ní Mháirtín ó na Gorta Dubha. Tá cuntas ar a shinsir agus ar an teaghlach ag a dheartháir Domhnall Mac an tSíthigh in An Baile i bhFad Siar, 2000. Ba é an ceathrú duine de chlann deichniúir é agus ba é an mac ba shine é. I scoil an Bhuailtín ba é Liam Ó Lúing an chéad mhúinteoir aige agus bhí sé i ranganna Phádraig Uí Bhriain agus Mhichíl Uí Chonchúir ina dhiaidh sin. Chaith sé tamall ag obair ar fheirm a athar ach bhí dúil chomh mór sin aige sna leabhair, fiú sna leabhair Laidine, agus meas chomh mór sin ag an mBrianach air gur cuireadh go Coláiste Chnoc Mheilearaí é i 1926 agus é tuairim 18 bliain d’aois. Deir Domhnall: ‘Bhí beirt dearthár ag m’athair ina sagairt sna Stáit Aontaithe .... Thugadar cabhair chun é a chur ar scoil go Cnoc Mheilearaí i bPort Láirge.’ D’éirigh go maith leis ansiúd agus bhí dán leis i gcló in An Sléibhteánach, iris an choláiste, an bhliain dár gcionn. Chaith sé tamall gairid, naoi mí, b’fhéidir, i gColáiste na Naomh Uile, Baile Átha Cliath, roimh dhul go dtí an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, mar ar bhain sé céim sa Ghaeilge i 1934 agus ardteastas san oideachas ina dhiaidh sin. Chaith sé tamaill ag obair go páirtaimseartha sna scoileanna ceardoideachais i Sráid Bholton agus Marino, agus tamall de bhlianta ina mhúinteoir in Ardscoil Éanna, Bóthar Chromghlinne, sular chaith sé bliain i gColáiste Chill Chainnigh. Is ann a casadh an Dr Rex Cathcart air agus mheall seisean ó thuaidh é go dtí an Scoil Ríoga i Ráth Bhoth, Co. Dhún na nGall; sé bliana a chaith sé ann ach bhí fonn air sa deireadh filleadh ar Bhaile Átha Cliath. Bhí sé ag múineadh i Scoil Ghramadaí Ardeaglais Chríost go dtí gur dúnadh an scoil sin i 1972. Go ndeachaigh sé ar pinsean bhí sé ag múineadh i Scoil Ghramadaí Ardeaglais Phádraig. D’fhaigheadh sé obair i scrúduithe béil Choimisiún na Státseirbhíse. D’éag sé ar 24 Iúil 1983 agus tá sé curtha i nGlas Naíon. Bhí sé pósta ar Eibhlín Ní Dhrisceoil as iarthar Chorcaí agus bhí mac agus beirt iníonacha acu. Is iad na leabhair a scríobh sé: Cortha cainnte na Gaedhilge, 1940; An saol mór, 1947; Paróiste an Fheirtéaraigh: stairseanchas an cheantair i dtréimhse an Ghorta Mhóir, 1984. Chaith Domhnall Mac an tSíthigh a shaol ó 1957 amach ag obair i Sasana agus d’éag sé i Londain in Aibreán 2000.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú