Bhí sé ar dhuine den leathdhosaen bailitheoirí lánaimseartha a cheap Coimisiún Béaloideasa Éireann in 1935 go luath tar éis a bhunaithe. Tá eolas ag Pádraig Ó Héalaí ina thaobh in Béaloideas 64-5, 1996/7. Tá tagairtí dó go minic in The Irish Folklore Commission 1935-1970: History, ideology, methodology (2008) le Mícheál Briody. I gCoillte Mach, Co. Mhaigh Eo, a rugadh é ar 26 Lúnasa 1906. Leathchúpla ba ea é. Michael a bhí ar a athair, mac feirmeora a théadh ag obair i Sasana; b’as Barr na gCurraithe in aice le Coillte Mach dó. Coinscríobhadh i Sasana é aimsir an Chogaidh Mhóir. Bhí siopa beag grósaera i gCoillte Mach ag máthair Liam, Brigid Higgins; b’as Doire na Leice sa chomharsanacht chéanna di. Is mar seo a bhí an teaghlach i nDaonáireamh 1901: Bridget Costello (28), ceann an teaghlaigh, gúnadóir a raibh Béarla agus Gaeilge aici, a triúr leanaí: Thomas (7); James (2); Patrick (mí d’aois). Is mar shiopa freisin atá an teach liostaithe. Ní raibh Gaeilge ag na leanaí. I scríbhinn a d’fhág Liam ina dhiaidh dearbhaíonn sé gurbh i mBéarla amháin a labhraíodh na páistí lena n-athair agus lena máthair i rith a n-óige agus nár labhair an t-athair Gaeilge riamh leis féin. Deir sé freisin: ‘Ach cébí méid den teanga a bhí ag mo mháthair níor cheil sí orm é. Go deimhin bhí grá aici don teanga agus spreag sí mé len í a fhoghlaim agus a labhairt.’ Deir Ó Héalaí: ‘Thug an t-iarmhar beag Gaeilgeoirí dúchais—a mháthair féin ar dhuine acu—a bhí thart ar Choillte Mach agus é ag fás suas, léargas faoi leith dó ar a oidhreacht shinseartha, agus chinn sé go luath ina shaol a dhícheall a chaitheamh le sealbhú agus buanú na hoidhreachta seo.’ Bhí sé ar scoil ag Siúracha Naomh Lughaidh sa bhaile agus spreag duine díobh é chun spéis a chur sa Ghaeilge, ar dá thoradh a bhuaigh sé ceann de dhuaiseanna Dhubhglas de hÍde. I gceann an mhéid sin, rud a chuaigh i bhfeidhm go mór air ba ea léacht a thug Fionán Mac Coluim ag cúrsa samhraidh sa Spidéal ar thábhacht an bhéaloidis. Chláraigh sé mar bhall den Chumann le Béaloideas Éireann go luath tar éis a bhunaithe. Murar leor sin chuala sé léacht a thug Séamus Ó Duilearga tamall de blianta ina dhiaidh sin ag cúrsa do mhúinteoirí Gaeilge.

Múinteoir Gaeilge i gceantar Charna, Co. na Gaillimhe, faoin gCoiste Gairmoideachais, a bhí ann um an dtaca seo. Ach is san oíche a bhí na ranganna aige agus is amhlaidh a chuir sé roinnt dá scoláirí amach ag bailiú ábhair dó: ‘Fuaireas freisin uatha liostaí de na seanchaithe a bhí ar eolas acu. Bhí na liostaí céanna chó fada go mba cosúil go raibh gach dara duine san áit ina sheanchaí. Agus de dhéanta na fírinne thiocfaidh dhó gur mar sin a bhí i ndáirírí, mar ní raibh duine ar bith ann, óg nó sean, nach raibh a bheag nó a mhór scéalta nó seanchais aige’ (i gcló ag Ó Héalaí). Bhí scéalta a scríobh sé síos ó bhéalinsint Learaí Uí Chonghaile, Éamoin a Búrc agus seanchaithe eile i gcló aige in uimhreacha de Béaloideas idir Meitheamh 1929 agus Nollaig 1930. Mar eagarthóir na hirise sin bhí meas ag Séamus Ó Duilearga air agus is ar a mholadhsan a ceapadh Liam ina bhailitheoir faoin gCoimisiún. ‘Thuig sé freisin gur fear tuisceanach stuama é Liam, go raibh sé foighneach cuirtéiseach, gur éisteoir maith é a raibh a chuid féin déanta aige don Ghaeilge, agus dá réir sin go raibh sé thar a bheith oiriúnach don ghnó a bhí le déanamh’ (Ó Héalaí).

Bhailigh sé thart ar 19,000 leathanach agus scríobh sé thart ar 1,000 leathanach ina chín lae. Bhailigh sé breis agus 200 píosa ó Éamon a Búrc agus scéal áirithe uaidh ina bhfuil 30,000 focal: ‘an scéal is faide ó thraidisiún béil na hÉireann a bhfuil taifead de ar fáil’ an cur síos a dhéanann Ó Héalaí air agus d’fhoilsigh Comhairle Bhéaloideas Éireann é, Eochair Mac Rí in Éirinn (1982). Tá na scéalta a bhailigh sé ón mBúrcach in eagar ag Peadar Ó Ceannabháin in Éamon a Búrc: Scéalta (1983). Seachas a chuid oibre i gCarna, bhailigh sé ábhar in áiteanna éagsúla i gContae na Gaillimhe, i gContae Shligigh agus i gContae Mhaigh Eo. Ceithre bliana a chaith sé ina bhailitheoir lánaimseartha sular fhill sé ar an múinteoireacht ach bhí ábhar á chur aige go dtí an Coimisiún anuas go dtí 1946. Gheofar tuairim den saibhreas a bhailigh sé in Béaloideas 21, 1951-52 (‘Scéalta Cráibhtheacha prepared by Seán Ó Súilleabháin): den 135 scéal a bhailigh 34 duine ba é Liam a bhailigh 31 scéal díobh. Phós sé Neóiní (Honoria Philomena) Joyce, arb as Baile Chláir na Gaillimhe di, 12 Lúnasa 1939 agus rugadh iníon agus beirt mhac dóibh. Tuairim na bliana sin a thosaigh sé ag múineadh Gaeilge i gCeardscoil Chathair na Gaillimhe; ba é an chéad mhúinteoir Fraincise acu é agus bhí Gearmáinis aige freisin. Bhí sé ina rúnaí ar chraobh den Chumann Scoildrámaíochta agus bhí baint aige leis an gCumann Caidrimh, le Feis Cheoil an Iarthair agus le Cumann na nGairm-Mhúinteoirí. D’éag sé ar 9 Aibreán 1996 in aois 89 bliain dó agus adhlacadh é i Rathún, Gaillimh.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú