I gCarna, Co. na Gaillimhe, a rugadh an scéalaí cáiliúil seo ar 2 Aibreán 1866. Scéalaí mór ba ea a athair Liam agus bhí scéalta ag a mháthair freisin. Nuair a bhí sé ceithre nó cúig bliana d’aois d’imigh an chlann ar imirce go Meiriceá. Bhí cónaí orthu ansin ar feadh ceithre bliana déag nó mar sin. Go gairid sular fhág siad é d’éirigh tionóisc d’Éamon a d’fhág ar leathchois é. San Aird Mhóir, Carna, a chuir siad fúthu ar fhilleadh dóibh. D’ainneoin bheith ar leathchois shaothraigh Éamon a bheatha ag isacaireacht ar an bhfarraige. D’fhoghlaim sé ceird an táilliúra ach níor chleacht í go raibh an aois ag teannadh leis. Phós sé faoi dhó ach ní raibh aon chlann aige. Tuairim 1927 d’aistrigh sé go dtí Aill na Brón, Carna, agus is ann i bhfómhar 1929 a thug Liam Mac Coisdeala, bailitheoir béaloidis, cuairt air a chéaduair. 200 píosaí a scríobh seisean síos uaidh. ‘Níl dabht ar bith go raibh an méid sin faoi chúig nó faoi shé aige’. Thóg Liam scéal amháin a raibh 30,000 focal ann. Théadh Séamus Ó Duilearga ar chuairt chuige go han-mhinic freisin. Bhí go leor seanamhrán aige agus bhí dúil aige in amhráin a dhéanamh. Ach lá dá raibh sé ag déanamh amhráin do bhean óg éigin chuaigh a mháthair ar a glúine agus d’impigh air gan leanúint de agus gan amhrán eile a dhéanamh choíche. Thug sé aird ar an impí sin. D’éag sé ar 5 Samhain 1942 agus tá sé curtha i Reilig Mhaínse. I 1982 d’fhoilsigh Comhairle Bhéaloideas Éireann Eochair Mac Rí in Éirinn, an scéal is suaithinsí dár tógadh síos uaidh agus sa bhliain 1983 d’fhoilsigh An Clóchomhar Éamon a Búrc: Scéalta, cnuasach a chuir Peadar Ó Ceannabháin in eagar.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú