Tugann an scoláire béaloidis seo beagán buneolais phearsanta in I mBéal na farraige: scéalta agus seanchas faoi chúrsaí feamainne ó bhéal na ndaoine (1997) agus chuir Máirtín Ó Briain (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh) go mór leis an eolas sin ar mhaithe leis an gcuntas seo. In Aken an der Elbe in oirthear na Gearmáine a rugadh é ar 14 Samhain 1907; Heinrich ainm a athar. Is ar bhád ar an Eilbe a tógadh é, rud a d’fhág ar uireasa deiseanna bunoideachais é, seachas an cúpla lá a ngabhadh an bád caladh i mbaile éigin; ní raibh sé ar scoil go lánaimseartha go raibh sé 13 nó 14 bliain d’aois. Idir 1927 agus 1932 bhí sé ag staidéar in ollscoileanna in Marburg, Heidelberg agus Munich. Tá cur síos in I mBéal na farraige ar an gcaoi ar tháinig sé go hÉirinn: ‘Cuireadh Séamas Ó Duilearga in aithne dom sa bhliain 1935 nuair a bhí sé ar camchuairt léachtóireachta sa Ghearmáin. Chaith sé roinnt laethanta in Ollscoil Marburg, An Ghearmáin, baile álainn in Hessen, áit a raibh mé i mo léachtóir i Roinn an Bhéarla. Bhí dochtúireacht [PhD i 1934] bainte amach agam faoin am sin sa bhéaloideas agus leabhar scríofa agam [a foilsíodh i 1937] ar bhéaloideas bhadóirí na hEilbe, ar duine acu mé féin ó dhúchas.’ Dúirt an Duileargach leis go raibh saibhreas ábhair in Éirinn faoi thraidisiúin a bhain leis an bhfarraige agus le bádóirí agus thug cuireadh go hÉirinn dó chun Gaeilge a fhoghlaim agus chun a bheith páirteach i mbailiú an bhéaloidis. Chaith sé seacht mí i gColáiste na hOllscoile i nGaillimh ag foghlaim na teanga agus ag múineadh na Gearmáinise sular thosaigh sé, i mBealtaine 1939, ar thaighde a dhéanamh ar bhéaloideas na mara i Ros an Mhíl.

Bhí sé ar lóistín i dteach Pheadair Uí Fhaoláin sna Doiriú nuair a bhris an cogadh amach. Dúirt baill den Gharda Síochána leis go raibh na Gearmánaigh go léir bailithe leo as Éirinn cheana féin, fiú foireann Leagáideacht na Gearmáine. Bhí imní air láithreach nach bhfaigheadh sé an t-airgead scoláireachta a bhí geallta dó ag Comhairle Taighde na Gearmáine, go mbeadh sé ar an ngannchuid agus nach bhféadfadh sé cíos an lóistín a íoc. Ach is é a dúirt deirfiúr Pheadair leis: ‘Joe, ná bíodh imní ar bith ort! Ní fhágfar ocras ar bith ort an fhad is a bheas aon fhata sa teach againn.’ Joe a thugadh muintir an tí air. Ní foláir nó mhéadaigh ar an imní nuair ba chlos dó scéalta a bheith curtha chuig Caisleán Bhaile Átha Cliath go raibh sé ag spíodóireacht. Tuairim 1955 bhailigh sé scéilín i Ros an Mhíl i dtaobh fomhuireán Gearmánach i gCuan Chasla aimsir an chogaidh agus a ainm féin luaite san eachtra.

Ní raibh aon ghléas taifeadta aige nuair a thosaigh sé ag bailiú scéalta agus bhíodh air ábhar a chlóscríobh faoi mar a chuala sé é. Bhí éideafón Liam Mhic Coisdeala ar iasacht aige ar feadh píosa in 1939 ach ní raibh fáil ar théipthaifeadáin go ceann tamaill mhaith i ndiaidh an chogaidh. Bhailigh sé ábhar ar thrí oileán Árann agus i gConamara. ‘Cuireadh fáilte chroíúil romham i gcónaí sna tithe airneáin agus bhain mé an-taitneamh as na scéalta agus as comhluadar lucht a n-inste.’ I measc a chuid faisnéiseoirí bhí gasúir scoile i Ros an Mhíl: ‘Chuir sé ríméad orm gur casadh an oiread de na seanghasúir scoile seo orm arís ag “Dúchas an Iarthair—Das Erbe des Westens”, taispeántas de mo chuid ealaíne a chuir Roinn na Gaeilge, Coláiste na hOllscoile, Gaillimh, ar bun sa bhliain 1995 mar chuid de chomóradh 150 bliain an Choláiste.’ Péintéir agus grianghrafadóir ba ea é agus baineann draíocht ar leith leis na grianghrafanna in I mBéal na farraige. Bhí 150 pictiúr sa taispeántas úd.

Bhí sé i gContae na Gaillimhe go 1941 agus as sin go 1952 i mBaile Átha Cliath, é ag saothrú a choda ann ag múineadh na Gearmáinise agus ag seinm an veidhlín. D’fhan cuimhne ar pháirt a bheith aige i gceolfhoireann Amharclann na Mainistreach ag ceann de na geamaireachtaí Gaeilge agus ar a oilte a bhí sé ar cheol a bhaint as an sábh. Thugadh sé seónna aonair faoin ainm stáitse Van Heinz in amharclann an Queens, an sábh á sheinm agus amhráin á gcasadh aige (gearrthóg ón Evening Herald 11 Bealtaine 1948 i seilbh Mháirtín Uí Bhriain). Bhí baint aige leis an bhfeachtas ‘Fóir ar Leanaí na Gearmáine’. Bhain deacracht lena pháipéir shaoránachta toisc, b’fhéidir, gurbh in oirthear na Gearmaine a rugadh é agus nuair a d’éirigh leis dul abhaile is mar mhúinteoir corpoideachais agus Béarla i meánscoil in Düren a bhí sé fostaithe go ndeachaigh sé ar pinsean in 1969. Bhíodh cúrsaí á dtabhairt aige sna teangacha Ceilteacha in Ollscoil Bonn agus ailt ar bhéaloideas na Gearmáine agus ar stair Düren á bhfoilsiú aige i rith an ama. D’fhilleadh sé ar Éirinn go minic.

D’éag sé in Düren sa Ghearmáin ar 24 Eanáir 2001. D’fhág sé a chuid taighde agus a thaifid le huacht ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Bhí sé pósta ar Gretel van Lengerich (1923-2002). Tá na teidil eile seo leis i gcatalóg na Leabharlainne Náisiúnta. Is mar uimhir a haon i sraith dar teideal Dréachtaí ar Bhéal-oideas na hÉireann a foilsíodh Naomh Brighid sa mBéal-oideas. Márta 1945 atá ar stampa na Leabharlainne. In Ar Aghaidh, Feabhra 1943 a foilsíodh é ar dtús agus dúradh san iris go raibh eolas maith ag Gaeil ‘agus go háirid ag léighteóirí Ar Aghaidh ar a shaothar mar sgoláire, mar dhathaire, mar cheoltóir agus mar mhúinteoir’. Chuir sé réamhrá i nGaeilge le Deutsche Lieder aus 7 Jahrhunderten: German Songs of seven centuries (1943) agus deir: ‘Ba mhinic dom ag éisteacht le hamhráin Ghaeilge cois tine in Árainn is i gConamara agus i measc cuideachtan Ghaelach i nGaillimh is i mBaile Átha Cliath, agus is mé a bhaineadh taitneamh astu. D’iarrtaí orm le linn gach ócáide acu sin, cuid de cheol is d’amhráin na Gearmáine do ghabháil agus bhainidís an taitneamh céanna astu sin.’ Modern German Language Courses, 19 Plás Íle, Baile Átha Cliath, a d’fhoilsigh é agus ar leathanach cúil tá an fógra seo ag an gcomhlacht sin: ‘Cúrsaí Nua i nGearmáinis dá dtreorú ag an Dr. Heinrich Becker, Dioplóm an Stáit chun teagaisc, roimhe seo léachtaí in Ollscoil Marburg-Lahn’. Leabhar filíochta atá maisithe le huiscedhathanna (Aquarelles) is ea Der ungezogene Kaktus (1992). Foilsíodh Seaweed memories: in the jaws of the sea (2000), arb aistriúchán é ar na scéalta in I mBéal na farraige. Bhí ailt aige in Comhar, Márta 1944 (‘Nodlaig san traidisiún Ghearmáineach’) agus Aibreán 1945 (‘Rinncí Gearmáineacha’). Rinne sé dhá ghearrscannán 16 mm: Timeless Aran agus The Re-awakening of a Nation agus tá siad ar coimeád in Institiúid Scannán na hÉireann.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú