Gheofar cuntais ar an scríbhneoir ildánach seo i leabhair thagartha mar The Oxford Companion to Irish Literature agus Modern Irish Lives (Louis McRedmond); bhí nuachtáin 31 Bealtaine 2002 lomlán le tuairiscí a bháis. Beathaisnéis is ea The Real Keane, 1992 le Gus Smyth agus Des Hickey. Dúradh in Irish Times: ‘A fluent Irish speaker, he was passionately opposed to compulsory Irish, a stance that was highly unpopular in some quarters at the time [lár na 1960idí], not least in his home county.’ Scríobh sé leabhar i nGaeilge ar fhear déanta cleamhnas, Dan Pheaidí Aindí, 1977. I Lios Tuathail, Co. Chiarraí, a rugadh é ar 21 Iúil 1928. Ba é an ceathrú duine é den naonúr páistí ag William Keane, bunmhúinteoir, agus Hannah Purtill. Tar éis meánoideachais i gColáiste Mhichíl, Lios Tuathail, chaith sé tamall de bhlianta i Sasana sular shocraigh sé síos i Lios Tuathail i 1954 mar thábhairneoir agus scríbhneoir. A dhráma Sive a tharraing aird na hÉireann air i 1959. Is iad na drámaí eile ar minic trácht orthu The Field (1965) agus Big Maggie (1969). Scríobh sé gearrscéalta, úrscéalta agus saothar ilchineálach eile. Bhronn Coláiste na Tríonóide, Ollscoil Luimnigh agus Marymount College (Manhattan) dochtúireachtaí oinigh air. D’éag sé ar 30 Bealtaine 2002. Bhí sé pósta ar Mary O’Connor agus bhí iníon agus triúr mac acu.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú