Bhí cáil ar an iriseoir raidió seo i ngeall ar fheabhas a ghutha agus ar a dhícheallaí a bhí sé i dtaobh cheart na Gaeilge; bhí alt aige ‘Ceart na Gaeilge’ in Comhar, Meán Fómhair-Deireadh Fómhair 1975. I gcathair Chorcaí (‘An Mhuintir s’againne’, Scéala Éireann 24 Feabhra 1961) a rugadh é 28 Meán Fómhair 1923 ach in Ard na Caithne, Baile an Fheirtéaraigh, a bhí sé ó bhí sé seachtain d’aois! Iascaire ba ea a athair Pádraig sular chuir sé tús le gnó sa Bhuailtín; is é a bhí i gceannas ar na hÓglaigh i mBaile an Fheirtéaraigh nuair a fuair siad an t-ordú um Cháisc 1916 dul go Trá Lí: ‘Turas dian máirseála ab ea é .... Níorbh orthu an locht go mb’éigean dóibh filleadh abhaile gan troid, ach dá mbeadh sé ann bhíodar ullamh’ (Céad Bliain 1871-1971, 1973 in eagar ag Micheál Ó Ciosáin). D’éag Pádraig 30 Eanáir 1950 (Feasta, Márta 1950). Ba í Máire Ní Lúing máthair Liam agus bhí ceathrar deirfiúracha aige. Chaith sé sealanna i gcoláistí ullmhúcháin Éinde, Chaoimhín agus Íosagáin (Baile Bhuirne) sular cháiligh mar bhunoide i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. I Scoil Fhionnbharra, Cabrach Thiar, Baile Átha Cliath, a bhí sé ag obair anuas go 1959. Bhí sé tamall ina thimire ag Clann na hÉireann i mBrú na Mí. Sna 1950idí thosaigh sé ag obair go páirtaimseartha mar léitheoir nuachta i Radio Éireann. Ceapadh é ina iriseoir lánaimseartha ann i 1959, agus ba é a d’eagraíodh agus a láithríodh an clár Nuacht anall, nuacht abhus. Chaith sé an chuid eile dá shaol oibre i Seomra na Nuachta (Gaeilge); ba é a bhí i gceannas ó 1977 amach. Ó thús na 1960idí bhí sé i bhfeighil rang na Gaeilge labhartha (canúint na Mumhan) sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bhí sé páirteach sa tráchtaireacht i mórscannáin staire Ghael Linn; bhí ina thráchtaire ar 17 scannán a rinne Institiúid Náisiúnta na Scannánaíochta; ba é a léigh na dánta ar cheirníní Ghael Linn do mheánscoileanna. D’éag sé 10 Meitheamh 1995. Bhí sé pósta ar Mháire Ní Ghliasáin ó Mhuileann na hUamhan agus bhí iníon agus beirt mhac acu.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú