BUDHLAEIR, Muiris (1921–2009)

Chaith an Ciarraíoch seo cuid mhaith dá shaol ina phríomhoide i Scoil na Leanaí, Coláiste na Rinne, Co. Phort Láirge, agus cuid nár bheag de freisin i gceannas ar na cúrsaí samhraidh sa Choláiste. Bhí cuntas ar a shaol in The Irish Times 18 Iúil 2009, go gairid i ndiaidh a bháis.

San Fhearann, Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí, a rugadh an mac seo le Risteárd agus Cáit Budhlaeir ar 1 Lúnasa 1921. Cúigear leanaí eile a bhí ag an lánúin. D’éirigh leis áit a bhaint amach i gColáiste Ullmhúcháin Íosagáin, Baile Bhuirne. Thug scoláireacht go Coláiste Phádraig, Droim Conrach, é agus thosaigh ar a cheird mhúinteoireachta i Léim an Bhradáin, Co. Chill Dara, i nGleann Beithe, Co. Chiarraí, agus i Ráth Caola, Co. Luimnigh, é go sealadach sna poist sin. Chaith sé an tréimhse idir 1945 agus 1987 ina mhúinteoir i Scoil na Leanaí sa Rinn, Co. Phort Láirge, trí bliana is tríocha díobh ina phríomhoide ann. An Fear Mór, Séamus Ó hEocha, a bhí sa phost roimhe. Ní raibh ach leathchéad dalta ann i dtús a ré ach bhí 183 ann sular éirigh sé as an bpost. Ó 1953 go 1993 is é a bhí i gceannas ar na cúrsaí samhraidh i gColáiste na Rinne. In alt aige in An Linn Bhuí: Iris Ghaeltacht na nDeise 9 (2005) deir Muiris: ‘Ar scáth a chéile a mhair Scoil na Leanaí agus Coláiste na Rinne – ní féidir liom a shamhlú go mairfeadh ceann acu gan an ceann eile.’ Bhraith sé sa bhaile sa Rinn sa mhéid go raibh muintir na Rinne inchurtha le Baile an Fheirtéaraigh ó thaobh spridiúlachta de. Cuireadh fáilte roimhe ann agus d’fhás buanchairdeas idir é agus muintir na háite, a chomhghleacaithe agus a iarscoláirí sa chomhaireamh sin. Sa bhaile i gCiarraí a chaitheadh sé laethanta saoire. Bhí sé ina bhall de choistí bainistíochta na Scoile agus an Choláiste go lá a bháis.

Sna ceithre alt aige in An Linn Bhuí: Iris Ghaeltacht na nDeise tá curtha síos aige ar laochra mar Mhichéal Ó Cionnfhaola, agus Paddy Tóibín, ar chócairí agus ar cheardaithe an Choláiste, agus ar na himeachtaí spóirt agus rince ann. Is é a dúirt Aoibheann Nic Dhonnchadha, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, ina thaobh (The Irish Times 18 Iúil 2009, go gairid i ndiaidh a bháis): ‘Na tréithe a thaitin le Muiris i ndaoine eile – Gaelachas, féith an ghrinn, dílseacht agus bua caradais – tréithe is ea iad a bhí ann féin go smíor.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú