Ní léir baint a bheith aige seo le foilseacháin Ghaeilge agus ní díol spéise anseo é ach amháin go dtógtaí é in amhlachas Andrew FitzJohn Sall (1624–82) . I gCaiseal, Co. Thiobraid Árann, a rugadh é ar 20 Nollaig 1612. Ba mhac é le Bennet Sall. Oileadh mar shagart Íosánach é san Ísiltír agus oirníodh é i 1642. D’fhill sé ar Éirinn agus chaith tamall ag múineadh Gréigise agus Laidine i gCluain Meala (1643–9). Bhí sé ina uachtarán ar mhainistir na nÍosánach i gCaiseal nuair a ghabh forsaí Chromail an baile sin; chuaigh sé as sin go Port Láirge. Tar éis dó ceithre bliana a chaitheamh ansin gabhadh é agus chaith sé tamall i bpríosún (1658–9). Ar iarratas ambasadóir na Portaingéile saoradh é agus chuaigh sé go dtí an Bhriotáin i 1659. D’fhill sé i 1662 agus chaith tamall eile i bPort Láirge sular ceapadh é ina uachtarán ar mhisean Éireannach na nÍosánach. Nuair a bhí a théarma uachtaránachta caite d’fhág sé Baile Átha Cliath i 1666 agus d’fhill sé ar Chaiseal. Tuairimíonn Andrew Breeze (Éigse XXVIII, 1994–5 agus XXIX, 1996): ‘He may well have gone there because of anxiety caused by his cousin’s failings in poverty and religious obedience.’ I 1675 chuir cúirt i gCluain Meala ar ionnarbadh é, ach tharla é a bheith i ndrochshláinte, tugadh cead dó fanacht sa tír. D’éag sé ar 20 Eanáir 1686.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú