SALL, Andrew FitzBennet (1612–1686) Andrew FitzBennet SALL 1612 1686 Caiseal, Co. Thiobraid Árann M sagart Íosánach Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Ní léir baint a bheith aige seo le foilseacháin Ghaeilge agus ní díol spéise anseo é ach amháin go dtógtaí é in amhlachas Andrew FitzJohn Sall (1624–82) [q.v.]. I gCaiseal, Co. Thiobraid Árann, a rugadh é ar 20 Nollaig 1612. Ba mhac é le Bennet Sall. Oileadh mar shagart Íosánach é san Ísiltír agus oirníodh é i 1642. D’fhill sé ar Éirinn agus chaith tamall ag múineadh Gréigise agus Laidine i gCluain Meala (1643–9). Bhí sé ina uachtarán ar mhainistir na nÍosánach i gCaiseal nuair a ghabh forsaí Chromail an baile sin; chuaigh sé as sin go Port Láirge. Tar éis dó ceithre bliana a chaitheamh ansin gabhadh é agus chaith sé tamall i bpríosún (1658–9). Ar iarratas ambasadóir na Portaingéile saoradh é agus chuaigh sé go dtí an Bhriotáin i 1659. D’fhill sé i 1662 agus chaith tamall eile i bPort Láirge sular ceapadh é ina uachtarán ar mhisean Éireannach na nÍosánach. Nuair a bhí a théarma uachtaránachta caite d’fhág sé Baile Átha Cliath i 1666 agus d’fhill sé ar Chaiseal. Tuairimíonn Andrew Breeze (Éigse XXVIII, 1994–5 agus XXIX, 1996): ‘He may well have gone there because of anxiety caused by his cousin’s failings in poverty and religious obedience.’ I 1675 chuir cúirt i gCluain Meala ar ionnarbadh é, ach tharla é a bheith i ndrochshláinte, tugadh cead dó fanacht sa tír. D’éag sé ar 20 Eanáir 1686.