Ag 3 Sráid Bishop, Doire, a rugadh é ar 17 Eanáir 1872. Henry Best, oifigeach máil a bhí ag obair in Paisley na hAlban ag an am a athair. Margaret Jane Irvine a mháthair. I ndiaidh scolaíochta i gColáiste Foyle fuair sé post cléirigh i mbanc i Londain. Tá sé spéisiúil gur chuir iar-phríomhoide Choláiste Foyle, Maurice C. Hime, meamram faoi bhráid an Choimisiúin um Oideachas Meánach a thacaigh go láidir le teagasc na Gaeilge sna meánscoileanna (i gcló in An Claidheamh Soluis 26 Bealtaine 1900). Seans gurbh é Hime a spreag spéis Best i léann na teanga Gaeilge an chéad lá. Ach i gceann tamaill fuair sé le huacht beagán airgid a lig dó dul go Páras. I bPáras thug J. M. Synge é chun léachtanna d’Arbois de Jubainville i dtaobh na Sean-Ghaeilge. D’aistrigh sé leabhar an scoláire sin, Le cycle mythologique Irlandais et la mythologie Celtique, go Béarla in 1903 (bhí sé á shrathú san United Irishman sular foilsíodh mar leabhar é). Ar ais i mBaile Átha Cliath dó sa bhliain chéanna casadh Kuno Meyer air. Best a thug air Scoil Ard-Léinn na Gaeilge a bhunú. Bhí sé ina rúnaí agus ina eagraí ginearálta, agus ina mhac léinn féin go minic, ó thosach deireadh na Scoile (1903–1924). Chaith sé tamall den tréimhse sin ina eagarthóir ar iris na Scoile Ériu.

In 1904 ceapadh é ina leabharlannaí sa Leabharlann Náisiúnta. Os a chionn ann bhí an triúr cáiliúil: W. K. Magee, Lloyd Praeger agus Thomas Lyster. Ceapadh Best ina Phríomh-Leabharlannaí in 1924 agus tugadh an teideal Stiúrthóir dó in 1934. Dúirt Eleanor Knott i dtaobh na tréimhse a chaith sé le leabharlannaíocht: “All this work of editing and research was for Best ‘spare-time’ work. It was never allowed to interfere with his metier as librarian in, and later Director of, the National Library of Ireland. And it was entirely without monetary or any other tangible remuneration. It was characteristic of him that even while honorary secretary of the School of Irish Learning, and virtual editor of many numbers of Ériu, he always insisted on paying for his copy of the journal” (Ériu, 19, 1962). D’éirigh sé as an bpost sa Leabharlann in 1940.

Phós sé Edith Oldham in oifig an Chláraitheora in 1906. Ba dheirfiúr í le C. H. Oldham a bheadh ina Ollamh le Eacnamaíocht i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath ar ball. Ba cheoltóir an-mhaith í, í ina comhalta den Choláiste Ríoga Ceoil. Chaith sí tamall ina rúnaí ag Coiste na chéad Fheise Ceoil in 1897. Veidhleadóir ba ea Best féin.

Ceapadh Best ina ollamh sinsearach in Institiúid Ard-léinn Bhaile Átha Cliath in 1940 agus bhí an post sin aige gur shroich sé a 75ú breithlá in 1947. Ó 1943 go 1946 bhí sé ina Uachtarán ar Acadamh Ríoga na hÉireann agus ó 1948 go 1950 ina Chathaoirleach ar Choimisiún na Lámhscríbhinní. D’éag a bhean in 1950 agus d’éag sé féin ina theach cónaithe, 57 Sráid Líosain Uachtarach, Baile Átha Cliath, ar 25 Meán Fómhair 1959.

Ba dhuine mór le rá é ar roinnt bealaí. Bhí sé cairdiúil le daoine a bhí éagsúil ar fad le chéile: Joyce, Bergin, an tAthair Peadar, George Moore, Stiofán Mac Enna, Synge, Meyer ... Scoláire mór ba ea é, cé nach bhfuair sé oiliúint fhoirmiúil ollscoile riamh. Murach é ní móide go mairfeadh Scoil Ard-Léinn na Gaeilge agus b’fhéidir nach mbunófaí Scoil an Léinn Cheiltigh in Institiúid an Ardléinn. Mar leabharlannaí d’fhág sé scoláireacht na Gaeilge faoi chomaoin aige lena dhá imleabhar:Bibliography of Irish philology and of printed Irish literature (1913); Bibliography of Irish philology and manuscript literature publications 1913–1941 (1942). Mar scoláire Gaeilge d’fhág sé an Leabharlann Náisiúnta faoi chomaoin mhór lenar bhailigh sé d’fhoilseacháin an léinn Cheiltigh.

Cé gur leis na sean-lámhscríbhinní a chaith sé a dhúthracht is fiú cuimhneamh gur i nGaeilge a scríobhadh an tAthair Peadar chuige agus, ar saoire dó anseo agus ansiúd in Éirinn, go mbíodh sé ar thóir na Gaeilge, rudaí is léir ón gcuntas breá a scríobh Seán Ó Lúing faoi in Scríobh 6 (1984). Ní raibh post ná saoirse scoláire aige riamh go raibh sé 68 bliana d’aois ach ba léir don domhan gurbh ardscoláire é: bronnadh Bonn Leibnitz Acadamh na Prúise air in 1914; bhronn Ollscoil na hÉireann D.Litt air in 1920 agus Ollscoil Bhaile Átha Cliath D.Litt air in 1923. Tá clár a shaothair in Celtica V (1960).

Ar an saothar tábhachtach a raibh lámh aige ann tá: Lebor na hUidre (i gcomhpháirt le Bergin) (1929); Martyrology of Tallaght (i gcomhpháirt le Dean Lawlor) (1931); Seanchas Mar: the Ancient Laws of Ireland (i gcomhpháirt le Thurneysen) (1931); The Annals of Inisfallen (i gcomhpháirt le Mac Néill) (1933); The Book of Leinster (i gcomhpháirt le Bergin agus Micheál Ó Briain) (1954–67).

Taobh amuigh den scoláireacht agus den leabharlannaíocht tá cáil air mar charachtar in Ulysses Joyce (“Mr Best entered, tall, young, mild, light. He bore in his hand with grace a notebook, new, large, clean, bright”) agus in Hail and Farewell George Moore (“A young man with beautiful shining hair and features so fine and delicate that many a young girl must have dreamed of him at her casement window, and would have loved him if he had not been so passionately interested in the infixed pronoun”).

I ndiaidh a bháis bhí cuntais mholtacha faoi i gcló sna hirisí léinn ag leithéidí Pokorny, Vendryes, Dillon, Knott agus Binchy.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil sa Dictionary of Ulster Biography anseo »

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú