In Görz san Iodáil a rugadh an focleolaí seo ar 16 Iúil 1829. Ba de bhunadh Iúdach é. In ainneoin nach bhfuair sé riamh aon ardoideachas foirmiúil bhí sé ina ollamh in Ollscoil Milan ó 1860 ar aghaidh. San iris a bhunaigh sé féin, Archivio Glottol. Italiano a foilsíodh cuid dá aistí faoin nGaeilge. Scríobh sé ceann díobh le hómós do Whitley Stokes nuair a shroich seisean seachtó bliain d’aois. Foilsíodh Il Codice Irlandese dell’ Ambrosiano, edito e illustrato da G.I. Ascoli Volume Primo, 1878–9 agus Glossario dell antico Irlandese [Glossarium paleo-hibernicum] 1888–1907. Tá nóta ag R.I. Best in Bibliography of Irish Philology and of printed Irish Literature to 1912, 1913 in iontráil sa tríú himleabhar: ‘incomplete, owing to author’s death, 1907.’ D’éag sé i Milan ar 21 Eanáir 1907.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú