In Studia Hibernica, 5 (1965) (‘Two Eighteenth-Century Irish Scholars: J.C. Walker and Charlotte Brooke’) deir an tOllamh R.A. Breatnach agus é ag trácht go háirithe ar an méadú a bhí tagtha ar shuim na huasaicme Protastúnaí sa tseanlitríocht: ‘. . . Charlotte Brooke, combining knowledge with enthusiasm, produced the first work of Irish literary scholarship’. I Ráth an Tamhain, Co. an Chabháin, a rugadh í. I gceantar an Mhullaigh atá Ráth an Tamhain. Ba í an 21ú leanbh í ag Henry Brooke, scríbhneoir agus tiarna talún (c.1703-1783). Ba í Catherine Meares ó Ros Comáin a máthair. Ba é a hathair a chuir oideachas uirthi agus a mhisnigh í chun spéis a chur sa Ghaeilge. Chaith sí tamall dá hóige in aice leis an Nás i gCill Dara ach is dealrach gurbh ó oibrithe a hathar sa Chabhán a d’fhoghlaim sí Gaeilge. Deir Breatnach nach bhféadfadh aon duine an teanga a fhoghlaim ó leabhair ghramadaí na haimsire sin. ‘She certainly knew the language well, and, as I believe, spoke it from her childhood days in Co. Cavan.’

Chaill Henry a chuid airgid nuair a d’infheistigh sé suim mhór i monarcha cadáis a bhí ag fear gaoil leis. Rinneadh iarracht ar phost mar bhean an tí a fháil di in Acadamh Ríoga na hÉireann. Riamh ó d’fhoilsigh James Macpherson Fragments of Ancient Poetry Collected in the Highlands of Scotland, 1760 bhí spéis á cur ag lucht litríochta an Bhéarla den chéad uair sna seantraidisiúin, agus i 1786 bhí aistriúchán le bean anaithnid ar dhán i gcló ag Joseph Cooper Walker in Historical Memoirs of the Irish bards. Is cinnte gurb í atá i gceist ag Walker nuair a deir sé: ‘A young lady, on whose veracity I have the firmest reliance, informed me, that her father had a labourer, who was in possession of two volumes, which, in her infancy, she often heard him read to a rustic audience in her father’s fields.’ Bhí aithne aici ar easpag Dhroma Mhóir, Thomas Percy, agus bhí tionchar uirthi ag a leabharsan, Reliques of Ancient English Poetry, 1765. Thug Walker, Silbhester Ó hAllmhuráin, agus Theophilus O’Flanagan misneach agus cabhair di agus i 1789 foilsíodh a mórshaothar, Reliques of Irish Poetry, consisting of Heroic poems, odes, elegies, and songs, translated into English verse, with notes explanatory and historical; and the originals in the Irish character. Is dóigh le Robert Welch (A History of Verse Translation from the Irish: 1789-1897, 1988) gur theastaigh uaithi go mbeadh páirt ag Walker sa duanaire seo. Deir Breatnach ina thaobh: ‘Literally, this first anthology of Irish poetry is a massive work; a quarto volume of 369 pages—say an ordinary octavo size book of 700 pages.’ Tá ann laoithe fiannaíochta, dánta, caointe agus amhráin mar aon le haistriúcháin. Chabhraigh an duanaire seo agus eagrán d’oibreacha a hathar léi chun teacht aniar go pointe éigin as an mbochtanas. D’éag sí ar 29 Márta 1793, más fíor, i Muine Lagáin sa Longfort. Bhí sí cairdiúil le Maria Edgeworth. Bhí beagán dá haistriúcháin i gcló in Bolg an tSolair: or, Gaelic Magazine (1795). I 2009 foilsíodh Charlotte Brooke’s 'Reliques of Irish Poetry', in eagar, maille le réamhrá nua, ag Lesa Ní Mhunghaile; Coimisiún na Lámhscríbhinní a d’fhoilsigh. I gcló in Foinn agus focail: Léachtaí Cholm Cille XL tá ag Lesa Ní Mhunghaile: ‘To open treasures long locked up”: Aidhmeanna agus cur chuige Charlotte Brooke ina saothar Reliques of Irish poetry’.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil sa Dictionary of Ulster Biography anseo »

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú