MacPHERSON, James (1736–1796)

Níl amhras ach gur mhúscail brionnadóireacht liteartha an Albanaigh seo spéis i measc uasaicme na hÉireann i seanlitríocht a dtíre. Is cinnte gurbh í a spreag Charlotte Brooke chun a saothar ceannródaíoch a chur i gcló. Meastar freisin murach Macpherson go gcaillfí na scéalta agus na laoithe fiannaíochta a bhí fós i mbéal mhuintir na hAlban agus gurbh fhéidir nach ndéanfaí in Éirinn an dícheall sin ba ghá lena mbailiú. Is cuid de stair na gluaiseachta Rómánsúla san Eoraip eachtra chasta seo Mhic an Phearsain. Aistríodh a shaothar go Sualainnis, Fraincis, Spáinnis, Danmhairgis, Rúisis, Ollannais, Polannais, Ungáiris. In 1807 cuireadh aistriúcháin Ghàidhlig ar fáil in Albain! Tá cuntais ghairide iontaofa ar Mhacpherson agus ar a shaothar in Dictionary of national biography agus in The Oxford companion to Irish literature (1996) agus tá caibidil tugtha suas dó ag Cormac Ó Cadhlaigh in An fhiannuidheacht (1947). B’fhiú le Desmond Ryan freisin caibidil (‘Doctor Johnson Buys a Cudgel’) a bheith ina thaobh in The sword of light: from the Four Masters to Douglas Hyde 1636-1938 (1939). Chomh deireanach le 1996 chuir Edinburgh University Press amach eagrán dá dhánta, The poems of Ossian and related works: James Macpherson, edited by Howard Gaskill with an introduction by Fiona Stafford. Ach ba liosta le lua na leabhair agus na hailt léannta go léir a foilsíodh. Tá aiste le Lesa Ní Mhunghaile, ‘Joseph Cooper Walker, James McPherson agus Melchiorre Cesarotti’ i gcló in Eighteenth-Century Ireland: Iris an dá chultúr, 2002.

I Ruthven, Kingussie, Inverness-shire, ar 27 Deireadh Fómhair 1736, a rugadh é. Feirmeoir bocht ba ea a athair ach cuireadh oideachas air sa bhaile, i scoil i mBáideanach agus i gcoláistí eile sula ndeachaigh sé go hOllscoil Dhún Éideann mar a raibh sé, meastar, ag foghlaim diagachta. Is beag suim a cuireadh sa dán 'The highlander' a d’fhoilsigh sé in 1758. Mar mhúinteoir tí a bhí sé ag saothrú a bheatha nuair a casadh air i Moffat, sórt spá, John Home, scríbhneoir a bhí fiosrach i dtaobh sheanlaoithe na hAlban. Bhí véarsaí díobh de mheabhair ag Macpherson agus bhí beagán de na laoithe scríofa síos aige. D’aistrigh sé ceann i dtaobh bhás Oscair dóibh. D’iarr Home air a thuilleadh a sholáthar agus foilsíodh i Londain iad, maille le réamhrá ón Dr Hugh Blair, faoin teideal Fragments of ancient poetry collected in the Highlands of Scotland and translated from the Gaelic or Erse language (1760). Rinne pearsa cháiliúil de ar an toirt. Bhí tagairt déanta ag Blair do dhán fada i dtaobh Fhinn nó Fingal agus bailíodh airgead chun go rachadh Macpherson á chuardach sna garbhchríocha. Dhá thuras a thug sé agus shiúil na hoileáin—Scíth, an dá Uibheast agus Beinn a’ Mhaola. In 1762 d’fhoilsigh sé Fingal, aistriúchán ar laoi fhada a dúirt sé a bhailigh sé. Cuireadh athchló air i mBaile Átha Cliath an bhliain chéanna. Bhain an scéal leis an gcaoi ar tháinig Fingal, rí na hAlban, i gcabhair ar Chú Chulainn agus na hÉireannaigh i gcoinne slóite na Lochlannach. An bhliain dár gcionn d’fhoilsigh sé laoi fhada eile, Temora. Aon duine a mbeadh breaceolas féin aige ar sheanchas na hÉireann agus na hAlban d’aithneodh sé láithreach nárbh ó aon bhundánta barántúla a tarraingíodh iad. Thaitin siad thar cionn le cuid de mhórphearsana litríochta na hEorpa—Chateaubriand, Lamartine, Madame de Stael . . .. Ach bhí amhras ar a lán daoine, i Sasana agus in Éirinn go háirithe, Home agus Blair ina measc, agus ba ghairid go raibh barántúlacht na laoithe ar cheann de na hiomarbhánna liteartha ba mhó dá raibh riamh san Eoraip. Thug an scoláire Cathal Ó Conchubhair fogha faoi Mhacpherson in aguisín a chuir sé le Dissertations on the history of Ireland... (1766). D’iarr go leor daoine ar an Albanach na bundánta a chur ar taispeáint go poiblí ach ní raibh sé in ann sin a dhéanamh ar bhealach a shásódh an dream a raibh amhras acu air. Bhí d’ádh air go luath in 1764 post rialtais a fháil dó féin in Florida. D’fhill sé ar Londain agus pinsean saoil aige in 1766 agus d’fhostaigh an rialtas mar scríbhneoir polaitiúil é. D’éirigh sé saibhir agus toghadh ina bhall parlaiminte é. Ina bhlianta deiridh cheannaigh sé eastát i mBáideanach in aice lena áit dhúchais. D’éag sé ann ar 17 Feabhra 1796. Cuireadh é in Abtheach Westminster. Níor phós sé riamh ach bhí beirt mhac agus beirt iníonacha aige. Lean an iomharbhá liteartha ar feadh i bhfad agus bhíothas ag taighde i dtaobh na laoithe i ndiaidh deireadh an 19ú haois féin. Is de bharr an taighde a bhí ar siúl acu a chuir na scoláirí móra Ludwig Christian Stern agus Wilhelm Oscar Ernst Windisch spéis sa Ghaeilge an chéad lá.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú