Deartháir le Séamus Ó Grianna, le Domhnall Ó Grianna agus le Seosamh Mac Grianna (15 Eanáir 1901–11 Meitheamh 1990) ba ea an seanchaí agus an file pobail seo. Ba é Féilimí Dhónaill Phroinsiais a athair agus ba í Máire Shéamuisín Ní Dhomhnaill, deirfiúr don seanchaí cáiliúil Seán Ó Domhnaill (Johnny Shéamuisín), a mháthair. Rugadh é 9 Feabhra 1905. Bhí aon duine déag clainne ann ach fuair beirt díobh bás ina naíonáin. Seán an duine ab óige dár mhair. Ba iad an cúigear eile: Aodh, Bidí, Sally, Áine, agus Bell. Bhí cáil na scéalaíochta ar Áine freisin. Col ceathar dó an scéalaí Neidí Frainc Mac Grianna.

Is cosúil nach é an oiread sin scolaíochta a fuair sé. Ach ba chuimhin le daoine Séamus Ó Grianna a rá gurbh é an duine ba chliste den teaghlach é. Ó 1926 go 1974 bhí sé ag teagasc i gColáiste Bhríde, Rann na Feirste. An tAthair Lorcán Ó Muireadhaigh a d’fhostaigh é. Chaith sé an bhliain 1952 ag obair in Albain agus b’éigean dó tamaill a chaitheamh in ospidéal nuair a d’fhill sé abhaile. Bhí sé ag obair go lánaimseartha do Ghael Linn go ceann tamaill de bhlianta ina dhiaidh sin, é ag bailiú dóibh, ag moltóireacht dá scoláireachtaí Gaeltachta, agus ag tabhairt aire dóibh sin a chaitheadh téarmaí ar scoláireachtaí i dTír Chonaill.

Bhíodh scéalta béaloidis i gcló aige in An tUltach, chomh maith le dánta. Chuir Iosef Ó Searcaigh eagar ar chuid dá dhéantús fileata in Ceolta agus seanchas, 1976. Tá cuid mhór nach raibh i gcló riamh. Fuair sé an chéad duais ar scéalaíocht ag Oireachtas 1956 agus roghnaíodh é féin agus Áine chun páirt a ghlacadh sna hOícheanta Seanchais ag Gael Linn i ndeireadh na 1950idí. D’aithris sé filíocht ar cheirnín a chuir an eagraíocht sin amach. Chuir siad amach freisin caiséad ina bhfuil Aodh Ó Duibheannaigh (1914–84) ag casadh cuid dá amhráin. Bhí cáil na hóráidíochta air freisin agus bhí ina bhall de Aisteoirí Rinn na Feirste.

Bhí sé gníomhnach i Sinn Féin sna 1950idí agus nuair a d’éag sé 16 Márta 1979 tugadh sochraid phoblachtach dó. Tá sé curtha in Anagaire. Deirtear gur thaitin comhluadar na mban go mór leis ach níor phós sé. Scríobh a chara Pádraig Ó Baoighill tuairisc air in Inniu 23 Márta 1979. Mar a thabharfá leat óna ainm albino ba ea é agus bhí pinsean na ndall aige.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú