I gcuntas iarbháis in Foinse, 27 Eanáir 2002 i dtaobh an bhéaloideasaí seo scríobh Lillis Ó Laoire: ‘Is leacht é a bhailiúchán, an ceann is mó dá ndearna aon bhailitheoir aonair a d’oibir don Choimisiún, do thréimhse áirithe i saol an réigiúin, do na daoine a ghlac páirt ann (1,400 acu), do na glúnta Conallach agus Éireannach go deimhin, nach dtáinig chun tsaoil go fóill, agus i ndeireadh báire dó féin.’ In Oidhreacht Ghleann Cholm Cille, 1989 in eagar ag Seosamh Watson tá an t-alt ‘Printíseacht Phroifisiúnta Sheáin Uí Eochaidh Lúnasa 1935-Eanáir 1936’ ag Séamas Ó Catháin agus in Béaloideas, 2002 tá cuntas iarbháis ag an scoláire céanna (san uimhir sin freisin tá ‘Adhmholadh an Athar Sheáin Uí Ghallchóir . . . ar thórramh Sheáin Uí Eochaidh . . ., 21 Eanáir 2002’). Tá cuntas air sa tsraith ‘An Mhuintir s’againne’ in Scéala Éireann 21 Feabhra 1959. D’fhoilsigh cuntas iarbháis 24 Eanáir 2002 agus bhí a leithéid ag an Irish Times 26 Eanáir 2002 agus ag an Guardian 4 Feabhra 2002 . Is lena shaothar a bhaineann an gnéchlár teilifíse Béaloideas a léirigh Joe Mulholland agus a craoladh ar dtús i 1977 agus an gnéchlár An Scéalaí Deireanach? a chraol TG4 Lá Fhéile Pádraig 2002. Tá tagairtí dó (nó di) go minic in The Irish Folklore Commission 1935-1970: History, ideology, methodology, 2008 le Mícheál Briody.

I gCruachlann, Teileann, Co. Dhún na nGall, a rugadh é 9 Feabhra 1913. Ba é an chéad duine é de chúigear clann a bhí ag Séamas John Ó hEochaidh agus Máire Nic Sheáin. Nuair a fuair an t-athair bás, agus gan ach naoi mbliana d’aois ag Seán, chuaigh sé chun cónaithe lena sheanathair ar dtús sula ndearna Pádraig Mac Seáin (1895-1981), múinteoir scoile agus cigire ina dhiaidh sin, cúram de, nuair a bhí sé aon bhlian déag d’aois, agus de bheirt eile de na páistí. Chuaigh sé chun tairbhe dó gurbh údar ar Ghaeilge agus ar sheanchas Theilinn ba ea an Pádraig seo agus thosaigh sé ar sheanscéalta a scríobh síos chomh luath le 1923. Chaith sé tamall le hiascaireacht na mbradán. Bhí i gceist go rachadh sé faoi scrúdú an Choláiste Ullmhúcháin, ach, nuair a bhí sé ag tincéireacht le plugannaí shean Model T a uncail an lá roimh an scrúdú, chas sé an hannla chun an t-inneall a thástáil gur bhris a lámh dheas. Dúirt sé: ‘Glóir do Dhia agus do Henry Ford. Mara mbeadh an Model T úd is im’ mhúinteoir scoile a bheinn inniu’ (‘An Mhuintir s’againne’).

Bunaíodh Coimisiún Béaloideasa Éireann i 1935 agus in Aibreán na bliana sin is amhlaidh a thairg sé a chúnamh dóibh. Ba ghairid go raibh a fhios ag Séamus Ó Duilearga gur nia le Mac Seáin é agus d’iarr air sampla dá raibh bailithe aige a chur chuige. Deirtear in ‘An Mhuintir s’againne’ gur chuir sé 18 scéal a bhí bailithe aige chuig an nGúm, nár glacadh leo ach gur thaispéain Domhnall Mac Grianna , Eagarthóir an Ghúim, iad don Duileargach. Thug seisean cuairt ar Dhún na nGall 31 Iúil agus faoi cheann seachtaine bhí sé cinnte go raibh an duine ceart aimsithe aige. Scríobh sé litir 6 Lúnasa: ‘Haughey ... is a first-rate man who knows Irish extremely well and has been collecting folklore for years: he is not a latter-day saint ...’ (i gcló ag Ó Catháin). Chaith an bheirt acu tamall ar cuairt chuig seanchaithe; i ndáiríre is cúrsa oiliúna a bhí an Duileargach a thabhairt don ógfhear. ‘Ba é a thoradh sin uilig go raibh deis ag Seán go leor a fhoghlaim faoi mhodhanna oibre an bhailitheora ghairmiúil ó ardmháistir na ceirde é féin agus go ndeachaigh sé i dtaithí ar úsaid an Ediphone agus ar na scileanna a bhí riachtanach leis an ábhar a bailíodh a thrascríobh i gcóipleabhair an Choimisiúin mar ba cheart’ (Ó Catháin). Bhí sé ar an gcéad duine, b’fhéidir, a fuair post lánaimsire mar bhailitheoir de chuid an Choimisiúin. Deir Ó Catháin in Béaloideas go raibh sé ar an mbailitheoir ab fhaide i mbun seirbhíse. Breis is caoga bliain i ndiaidh a cheaptha, ar 28 Meitheamh 1988, bhí dochtúireacht sa Léann Ceilteach á bronnadh ag Ollscoil na hÉireann ar Sheán i nGaillimh. An tOllamh Breandán Ó Madagáin a thug i láthair é agus thapaigh seisean an deis chun an sliocht seo dar dáta 5 Lúnasa 1935 as cín lae Uí Dhuilearga a léamh: ‘It was a very beautiful evening, and we decided to climb Sliabh Liag .... We enjoyed the climb immensely. On the top I talked to Seán about the vast importance of the work he is about to begin and I urged on him to do his best for the honour of his native county and of the dead generations whose lore he is about to collect.’

Bhailigh sé ábhar i nGort an Choirce, Gaoth Dobhair, na Rosa, Ros Goill, Duibhlinn, Málainn agus na Cruacha Gorma. ‘Ba iad na Cruacha, dar leis, an t-aon fhíor-Ghaeltacht a bhí fágtha i dTír Chonaill, ar an ábhar go raibh deich gcloigne is fiche de mhonaglotaigh ina gcónaí le linn a chuairte ar an áit. Is ansin a chuir sé aithne ar Anna John Chit Nic a’ Bhaird, bean Mhic a’ Luain .... Gach uair a shíl sé iomlán a stóir a bheith cruinnithe aige, thigeadh sí amach le rud inteacht eile, nach raibh aige roimhe sin. 250 amhrán a scríobh sé uaithi agus 50 scéal fada, gan trácht ar thomhaiseanna agus ar mhionseanchas agus ar mhórán eile’ (Ó Laoire). Duine a gcuireann Ó Catháin go háirithe tábhacht leis is ea Séamas Ó hIghne ó Mhín an Churraoin i ngeall ar na laoithe Fiannaíochta a bhí aige; níl a leithéidí ag aon duine le fada an lá. Sampla eile de dhua agus de luachmhaireacht a shaothair is ea na 750 d’eiteáin éideafóin a líon sé le hábhar a bhailigh sé ó Niall Ó Dubhthaigh, rud ab ionann agus milliún focal a bhí le scríobh aige. Casadh Micí Mac Gabhann air ag Aonach Ghort an Choirce 6 Aibreán 1941. D’éirigh leis na heachtraí atá in Rotha Mór an tSaoil a thaifeadadh. Phós sé Anna, iníon le Micí, i 1943 agus chaith tamall ina chónaí i dteach an tseanduine. Bhuaigh Rotha Mór an tSaoil Duais an Chlub Leabhar i 1958 agus foilsíodh é an bhliain dár gcionn, é in eagar ag Proinsias Ó Conluain; cuireadh aistriúchán Valentin Iremonger , The Hard Road to the Klondyke, amach i 1962. Bhí gaol ag Anna, bean Shéain, le muintir Dixon i dToraigh agus ba chabhair é sin chun ábhar a chruinniú uathusan.

I measc na ndaoine ar chabhraigh sé leo ina gcuid taighde bhí: Heinrich Wagner, nuair a bhí atlas teangeolaíoch á thionscnamh aige agus staidéar á dhéanamh aige ar Ghaeilge Theilinn; Liam P. Ó Caithnia i gcás Scéal na hIomána; Úna Uí Bheirn agus Cnuasach focal as Teileann, 1989 á chur le chéile aici; Séamus Ennis agus é ag bailiú ceoil agus amhrán; Kevin Danaher agus é ag taifeadadh ceoil agus amhrán. Leabhair leis is ea Sean-chainnt Theilinn, 1955, agus Síscéalta ó Thír Chonaill, 1977. D’fhoilsigh sé féin agus Wagner ‘Seanchainnt na gCruach’ in Zeithrift für celtische Philologie i 1963. Bhí sé ina uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge a tionóladh i nGleann Cholm Cille i 1989. D’éag sé 18 Eanáir 2002 agus cuireadh é i Reilig Mhuire, Gort an Choirce.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú