Ó 1941 go 1983 d’oibrigh sé mar bhailitheoir béaloidis, do Choimisiún Béaloideasa Éireann anuas go 1971 agus as sin amach do Roinn Bhéaloideas Éireann sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. B’as deisceart Ard Mhacha dá mhuintir ach is i Sasana a rugadh é agus ní raibh cónaí air in Éirinn go raibh sé ocht mbliana d’aois. Chaith sé tamall ina oibrí feirme agus chuir eolas maith ar thraidisiúin an cheantair timpeall ar Shliabh gCuillinn. Luaitear Dromainn Tí, Ard Mhacha, mar áit chónaithe. A leabhar At Slieve Gullion’s Foot, 1940 a tharraing aird Shéamuis Uí Dhuilearga air. Bhailigh sé ábhar ar fud Chúige Uladh agus i . Bhailigh sé ábhar i Reachlainn i 1953-54 agus foilsíodh é in Rathlin: Island of Blood and Enchantment, 1983. Leabhair eile leis is ea: Tyrone Folk Quest, 1973; Now you’re talking: Folk Tales from the North of Ireland, 1975; Sayings and Stories from Slieve Gullion, 1990. Is dó agus do Sheán Ó hEochaidh a tiomnaíodh Béaloideas 55, 1983. Scríobhadh sé gearrscéalta agus stáitsíodh drámaí leis in Amharclann na Mainistreach. D’éag sé ar 18 Bealtaine 1996.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú