Líon alt a bhfuil an ghné seo luaite iontu: 2
Dúirt sé leis an nGlaisneach nach gcoinneodh sé leis an scríbhneoireacht murach Seán Ó hÉigeartaigh[B5]; Sairséal agus Dill a d’fhoilsigh An tincéara buí (1962) agus Ortha na seirce (1968)
Bhí sé ar fhoireann na bPiarsach a bhuaigh Craobh Shóisear Peile Iarthar na Gaillimhe agus ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann Naomh Anna nuair a shocraigh muintir Leitir Móir agus Leitir Mealláin foireann dá gcuid féin a chur chun páirce in 1964. Níor mhaolaigh sin uilig a ghrá don aisteoireacht ag tráth den saol ina raibh cúrsaí drámaíochta thar a bheith láidir i gConamara agus cumainn i dTír an Fhia, Leitir Móir, Carna, Cois Fharraige, ar an gCeathrú Rua agus ar an Spidéal. Ba dlúthchara de chuid Dhiarmada an t-údar, an file agus an t-aisteoir Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha agus ba mhinic ar an stáitse le chéile iad – Pionta amháin uisce, Ortha na seirce, Mar a chéile muid agus An tincéara buí ar na drámaí ab fhearr le Diarmuid. Tar éis dó a ghnó a dhíol i dtús na 1990idí, thug Mac an Adhastair an chuid eile dá shaol ag plé leis an aisteoireacht go gairmiúil