Ba é Euseby Cleaver an duine is féile riamh a thug cúnamh airgid go leanúnach chun spéis a mhúscailt sa teanga sa 19ú céad. Dúirt Eoin Mac Néill gur mhó a d’éirigh leis a dhéanamh ná suim iomlán, nó geall leis, na n-iarrachtaí a rinne daoine eile lena linn. Tá mionstaidéar ar a bheatha déanta ag Máirín Ní Mhuiríosa in Réamhchonraitheoirí: nótaí ar chuid de na daoine a bhí gníomhach i ngluaiseacht na Gaeilge idir 1876 agus 1893 (1968).

I nDeilgne, Co. Chill Mhantáin, a rugadh é ar 8 Márta 1826. Bhí a athair William ina reachtaire ag Eaglais na hÉireann sa pharóiste sin. Bhí a sheanathair, Euseby Cleaver eile, ina ardeaspag ar Bhaile Átha Cliath. Iníon le Sir Digby Mackworth, Finedon Hall, Wellingborough, Northampton, ba ea a mháthair Mary. Is in Christ Church, Oxford, a bhain sé céimeanna amach, BA (1849) agus MA (1857). Chaith sé an chuid eile dá shaol ina mhinistir de chuid Eaglais Shasana ag obair in Oxford, Pimlico, Romford agus Dolgellau.

Ní fios cár fhoghlaim sé Gaeilge. B’fhéidir gur chuir sé spéis inti i Ros Comáin. Thugadh sé féin le tuiscint do dhaoine gur chaith sé tamaill dá óige sa chontae sin. Is cosúil go dtugadh Euseby na Gaeilge cuairteanna ar Theach Phort na Carraige i Ros Comáin, teach Iarlaí Kingston, chomh minic sin ina óige go raibh meas Connachtaigh aige air féin. ‘I litir eile fós cuireann sé in iúl go bhfuil gaol éigin aige le muintir King-Harman as Rockingham ...’ (Máirín Ní Mhuiríosa, Réamhchonraitheoirí ..., 1968). Phós a aintín Caroline, iníon leis an Euseby Cleaver a bhí ina Ardeaspag ar Bhaile Átha Cliath, James William King, an cúigiú mac ag an dara hIarla Kingston, ar 28 Samhain 1815. Níor cuireadh Harman leis an sloinne go dtí 1838.

Bhí sé ar bhunaitheoirí an Chumainn Oisín in 1853 agus ina bhall den chomhairle. An bhliain dár gcionn bhí sé ar dhuine de na leasuachtaráin. Thug sé cúnamh airgid do gach cumann Gaeilge dá raibh ann lena linn. Bhronnadh sé duaiseanna chun teagasc na teanga a spreagadh i scoileanna na Gaeltachta. Chuir sé 1,000 cóip de leabhar urnaí Caitliceach á ndáileadh ar scoileanna na Gaeltachta. Níorbh fhear saibhir é riamh agus meastar gur chaith sé na mílte punt chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Thug sé airgead chun go bhfoilseofaí Leabhar Sgeulaigheachta. Is dó a thiomnaigh an Craoibhín an leabhar sin. In éineacht le hEoghan Ó Gramhnaigh toghadh é ina Leas-Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge in 1893. Tháinig trí eagrán amach dá Duanaire na Nuadh-Ghaedhilge, an ceann deireanach díobh in 1891. Amhráin nuachumtha agus aistriúcháin is mó atá ann.

D’éag sé in Dolgellau sa Bhreatain Bheag ar 26 Samhain 1894. Shíl pobal na Gaeilge gur méala mór a bhás. Adhlacadh é thall agus cuireadh isteach sa chónra fód a baineadh i nGuagán Barra, bonn Naomh Fionnbharra agus tor seamróg ó Dheilgne. Julia Helen Sewell ab ainm dá bhaintreach. Beirt mhac a bhí acu, Pádraig Brian duine acu. I litir ag Pádraig Ó Briain in Irisleabhar na Gaedhilge, Uimh. 11, Iml V, Feabhra 1895, deir sé go bhfuil litir faighte aige ón mbaintreach agus an t-eolas sin tugtha aici dó. Dúirt sí leis freisin go raibh an mac an-óg. In uimhir Eanáir 1895 tá an abairt seo ag Pádraig Ó Briain i dtaobh an Chliabhraigh féin: “D’fhoghlaim sé a phaidreacha a rá i nGaeilge an tráth a bhí sé an-óg agus as sin amach an fhaid a mhair sé, dob é ard-mhian a chroí an Ghaeilge d’athbheoú.”

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú