TURRAOIN, Micheál (1878–1963)
Le caoinchead ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

‘His death is a great loss to us as we regarded him as one of the foremost speakers of Irish, a repository of the traditions of the Decies and a walking encyclopaedia who could answer every question in the most impeccable Irish which was a delight to listen to,’ a scríobh Séamus Ó Duilearga faoi in Munster Express 18 Deireadh Fómhair 1963. Scríobh a chomharsa Micheál Ó Cionnfhaolaidh síos uaidh Beatha Mhichíl Turraoin: maille le sceulta agus seanachas (1956) agus is í an chéad abairt ann: ‘Rugadh mise san mbliain 1878 i gCnocán an Phaoraigh íochtarach, i bparóiste na Rinne. “An Pháirc” is ainm don áit sin de Chnocán an Phaoraigh. . . . Ocht dtithe ar fad a bhí ar bharr na faille an uair sin. Turraonaigh a bhí ina gcónaí i gceithre tithe acu sin agus is i dtigh na dTurraoineach a bhí leathchéad slat uainne-ne a bhí cónaí ar Mháire Ní Dhromaigh, an bhean a cheap amhrán na bprátaí dubha. . . . Bhí tigh ceangailte den tigh againn-ne agus uncail dom’ athair a bhí ina chónaí ann. Pádraig Turraoin dob ainm dósan agus bhíodh sé ag ceapadh rann agus mion-fhilíochta.’ In An Linn Bhuí: Iris Ghaeltacht na nDéise, Uimhir 2, 1998 tá eolas ag Nioclás Mac Craith faoi Mháire Ní Dhroma: go raibh sí pósta ar Shéamas Turraoin agus go raibh cónaí orthu sa Pháirc ar Bharra na Faille; gur ‘Molly na nAmhrán’ a thugtaí uirthi agus gur de Phaoraigh Bhaile na nGall, Paoraigh na nGaibhne, a máthair. Tá a sliocht ann i gcónaí. San iris chéanna (‘Gairdín an Chabáiste’) tá cuntas ag Risteard Turraoin (d’éag 1995) arbh í Máire Ní Dhroma a shin-seanmháthair: Cailleadh a fear céile go hóg agus d’fhág beirt mhac agus beirt iníonacha ina dhiaidh.Tá sé i seanchas na clainne gur ón bhFrainc a tháinig an chéad Turraoineach (Terry) agus gur mhairnéalach é.

Ba iad Dáibhidh Turraoin, iascaire, agus Siobhán Ní Mhuirighthe tuismitheoirí Mhichíl. Ar 20 Márta 1878 a rugadh é. David Terry agus Johanna Murray ainmneacha na dtuismitheoirí sa teastas breithe. D’éag an mháthair nuair nach raibh ach mí ag an té ab óige agus níor chuimhin le Micheál í a fheiceáil riamh. Ba é an tríú duine é de chúigear, ceathrar buachaillí agus cailín amháin. Díshealbhaíodh iad as an teach agus gairdín a bhí acu. Chuaigh siad isteach i dteach comharsan, Siobhán Ní Churraoin. Rinne siad iarracht an teach a athshealbhú ach chuir sioc agus síon an gheimhridh ar ais go Siobhán iad. Thug siad blianta éigin ann nó go bhfuair teach nua i mBaile na nGall Beag.

Bhí sé gan léamh gan scríobh. B’amhlaidh a rug an máistir scoile, Micheál Ó Foghludha (féach Áine Ní Fhoghludha) air ag ól tobac faoi scáth sceiche. Thug sé a leithéid sin de ghreadadh do Mhicheál gur ghlan sé amach as an scoil an tráthnóna sin ‘agus ní fhaca fia ná fiolar istigh inti arís é’. Dúirt sé le Micheál Ó hAodha (Béaloideas 14, 1944): ‘Níor chuas féin riamh go dtí an scoil ach lá anois agus aríst. Bhí an ghráin agam uirthi.’ Dúirt sé leis freisin go raibh cupard lán de leabhair Ghaeilge ag a sheanathair agus gurbh é an scoláire ab fhearr sa dúiche é ach ina ainneoin sin nach raibh léamh ná scríobh ag a mhac.

Thug sé tamall ag iascaireacht ach ba bheag é. Deireadh a athair leis gurbh fhearr dó bráca nó bothán ar mhullach an tsléibhe aige agus gan aige ach gabhar a bheadh ar leathshine ná bheith ag brath ar an bhfarraige. Chuaigh sé ag aoireacht bó go dtí feirmeoir i gCeann an Bhathla nuair a bhí sé tuairim dhá bhliain déag d’aois. Bhíodh sé cosnochta agus eagla dá réir air go seasfadh an t-asal air. D’imigh bliain beagnach sula raibh luach na mbróg aige. Seo cuntas aige ar theach eile a raibh sé ag obair ann: ‘Trí seachtaine a thugas ag baint na bprátaí san tigh sin sa Rinn agus ar mo leabhar duit nach aon áras ar fónamh codlata a bhí ann. Sop tuí fúm, braitlín anairte anuas uirthi, plaincéad mná tí anuas orm féin agus aon seanghiobail eile a gheobhainn caite ar fud na háite. Ar an lochta os cionn na gcapall a bhínn im’ chodladh.’

Phós sé Bríd Ní Bheaglaoich in 1902 agus chuaigh isteach ina teachsan. I gcuntas ar Mhicheál in Ar bóthar dom (1998) le Nioclás Breatnach deir Nioclás Mac Craith gur chúig dhuine déag clainne a bhí aige agus tugann sé a n-ainmneacha. Ag obair ar Ché Heilbhic agus ar na bóithre a bhíodh sé roimh dhul isteach dó go Coláiste na Rinne mar a bhfuair sé post mar sheanchaí agus mar fhear oibre. Bhí cónaí air i mBaile Uí Churraoin sa Rinn. Nuair a roinneadh talamh ansin fuair sé 27 acra. Scríobh Risteard B. Breatnach scéalta agus eile uaidh do Choimisiún Béaloideasa Éireann. Ag am a bháis in St Joseph’s Home, Dún Garbhán, ar 13 Deireadh Fómhair 1963 bhí seisear de na mic i Sasana, beirt sna Stáit Aontaithe, agus triúr mac eile agus iníon ina gcónaí i gContae Phort Láirge. Sa léirmheas a rinne Risteard B. Breatnach ar a dhírbheathaisnéis in Comhar, Bealtaine 1957 dúirt sé gur dheacair a dhéanamh amach, in ainneoin an insint ar fad a bheith sa chéad phearsa, cé mhéid a chuir Ó Cionnfhaolaidh leis an méid a fuair sé ó Mhike Dhá, ach go raibh ‘saothar liteartha agus saothar seanchais an-luachmhar sa leabhar.’ Tá cuntas ag Proinsias Ó Drisceoil in An Linn Bhuí: Iris Ghaeltacht na nDéise 5, 2001 ar chomhad an Ghúim sa Chartlann Náisiúnta i dtaobh Beatha Mhichíl Turraoin, 1956. Bhí an lámhscríbhinn ag an nGúm ó 1943. Foilsíodh Leabhar Mhaidhc Dháith: scéalta agus seanchas ón Rinn (2007), in eagar ag Máirtín Verling ina bhfuil cuntas níos iomláine ar shaol Mhichíl Turraoin.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú