In Crefeld i gcúige na Réine a rugadh é 26 Eanáir 1867. Tar éis dó freastal ar an nGiomnáisiam ansiúd agus ar Ollscoil Strasburg chaith sé cúig bliana san arm ach d’fhill ar an scoláireacht. Ghnóthaigh sé dochtúireacht i Marburg. Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 18 Meitheamh 1910 gur thug sé ‘Aistear ilbhlianta foghlama go Sliabh Caucus’, gur chuir sé faoi i mBerlin nuair a d’fhill sé agus go raibh sé ‘ina ollamh neamhghnáith le haghaidh ealaíon coitianta ilbhéarla’ san ollscoil ann. D’éag sé in Sudenende, Berlin, 4 Bealtaine 1910 (idem 21 Bealtaine 1910). Chaith sé ceithre mhí in 1894-5 in Árainn. Deirtear gurbh é a Die araner Mundart: ein betrag zur erforschung des westirischen, 1899 (dhá imleabhar) an chéad staidéar mion ar chanúint Ghaeilge. Deisceabal de chuid Holger Pedersen ba ea é agus ba é an tÁrannach céanna, Máirtín Ó Conaola, a mhúin Ghaeilge don bheirt acu (Ole Munch-Pedersen in ‘Cur síos ar Sheanchaí Amháin a thug Scéalta do Jeremiah Curtin’ in Thaitin sé le Peig, 1989 in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú