FINCK, Franz Nicolaus (1867-1910) Franz Nicolaus FINCK 1867 1910 Crefeld, an Ghearmáin M Gymnasium , Krefeld, an Ghearmáin Ollscoil Strasburg, an Fhrainc scoláire Gaeilge/Ceiltise/Béaloidis [B9] scoláire Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

In Crefeld i gcúige na Réine a rugadh é 26 Eanáir 1867. Tar éis dó freastal ar an nGiomnáisiam ansiúd agus ar Ollscoil Strasburg chaith sé cúig bliana san arm ach d’fhill ar an scoláireacht. Ghnóthaigh sé dochtúireacht i Marburg. Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 18 Meitheamh 1910 gur thug sé ‘Aistear ilbhlianta foghlama go Sliabh Caucus’, gur chuir sé faoi i mBerlin nuair a d’fhill sé agus go raibh sé ‘ina ollamh neamhghnáith le haghaidh ealaíon coitianta ilbhéarla’ san ollscoil ann. D’éag sé in Sudenende, Berlin, 4 Bealtaine 1910 (idem 21 Bealtaine 1910). Chaith sé ceithre mhí in 1894-5 in Árainn. Deirtear gurbh é a Die araner Mundart: ein betrag zur erforschung des westirischen, 1899 (dhá imleabhar) an chéad staidéar mion ar chanúint Ghaeilge. Deisceabal de chuid Holger Pedersen[q.v.] ba ea é agus ba é an tÁrannach céanna, Máirtín Ó Conaola, a mhúin Ghaeilge don bheirt acu (Ole Munch-Pedersen in ‘Cur síos ar Sheanchaí Amháin a thug Scéalta do Jeremiah Curtin’ in Thaitin sé le Peig, 1989 in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta).