MAC AN IOMAIRE, Joe John (1934–2015)

I Ros Dúgáin, gar do Chill Chiaráin i gConamara, a rugadh Seosamh Mac an Iomaire nó Joe John Pháidín sa bhliain 1934, duine de cheathrar clainne. Thóg sé a chuid amhrán óna mhuintir agus ón gcomharsanacht sna tithe cuartaíochta. Bhí an imirce an-tréan san am agus daoine ag imeacht as éadan go Meiriceá. Bhí an nós ann cóisir a chur ar siúl don té a bhí ag imeacht. Timeanna a thugtaí ar na hócáidí sin, focal a tugadh ar iasacht ó Bhéarla Shasana Nua, agus focal a léiríonn na ceangail imirce a bhí ag an dúiche abhus leis an gceantar thall. Bhíodh béim ar scléip agus ar cheol ag na hócáidí seo, d’ainneoin go mbíodh buaireamh ag roinnt leo freisin, ní nach ionadh. Idir na damhsaí bhíodh sos ann agus d’iarrfaí ar fhonnadóir amhrán a rá. Is mar sin a thóg Joe mórán dá chuid amhrán, de réir a chuntais féin. Bhí meas ar leith aige ar amhránaíocht Sheáinín Choilmín Mhic Dhonncha as Fínis, a raibh cáil ar a mhuintir as feabhas a gcuid amhránaíochta.

Ba é Máirtín Ó Cathasaigh athair a mháthar, saor bád cáiliúil as Maínis. Ní haon ionadh, mar sin, an spéis ar leith a bhí aige in ‘Amhrán Mhaínse.’ Ba ar an ardán i Leitir Móir a dúirt sé ‘Amhrán Mhaínse’ an chéad lá riamh ag rásaí curach, ceann de na chéad ócáidí inar chan sé go poiblí. Bhí dáimh eile aige leis an amhrán sin: ba shinsear dá chuid é Páidín Mór Mac an Iomaire, as Ros Dúgáin chomh maith, an té a ainmníonn an reacaire, Máire Ní Chlochartaigh, ag achainí air teacht ina bhád lena corp a thabhairt abhaile. De réir sheanchas an amhráin, bhí gaol gairid ag Máire agus ag Páidín dá chéile agus, dá réir sin, bhí gaol ag Joe John féin le Máire chomh maith. Ó Mháirtín Ó Cosgardha a chuala sé ar dtús é ag ócáid cheoil agus ba bheag nach raibh an t-amhrán ar a theanga aige i ndiaidh na chéad éisteachta sin. Ina dhiaidh sin, d’iarr Beairtle Beag Ó Conghaile air an t-amhrán a rá dó agus chuir sé breis comhairle air maidir leis an mbealach ceart le tabhairt faoi. Ba ábhar bróid ar leith dó go gcasadh sé é díreach mar a chas Beairtle é. Tá an leagan sin le cloisteáil ar an dlúthdhiosca Corn Uí Riada: buaiteoirí 1972–2007 (CICD 177) agus tugann an taifeadadh barúil mhaith ar a fheabhas is a bhí Joe John nuair a bhí sé i mbarr a mhaitheasa. Is breá amach an leagan é. Bhí Joe John orthu siúd a chuir an t-amhrán seo chun cinn go mór sna 1970idí. Luaitear na hamhráin ‘An Droighneán Donn’ agus ‘Bean an Fhir Rua’ leis agus na hamhráin bheannaithe chomh maith, a chanadh sé go dílis ag oilithreacht bhliantúil Mhám Éan.

Bhuaigh sé Comórtas na bhFear ag an Oireachtas in 1968 agus in 1978 agus thug sé leis Corn Uí Riada faoi dhó, i mBaile Átha Cliath in 1975, agus i nGaoth Dobhair in 1977. Bhí glór an-bhinn, soiléir aige agus leagadh sé an-bhéim ar na focail agus ar chruinneas na Gaeilge. D’fhoilsigh Gael Linn fadcheirnín, Bean an leanna, sa bhliain 1979 ar a bhfuil sé cinn dá chuid amhrán chomh maith le ceol ó P.J. Ó hIarnáin agus Dearbhal Standún.

Sa bhliain 1947 a d’oscail an mhonarcha Arramara Teoranta le leas a bhaint as acmhainn nádúrtha na feamainne a bhí ag fás chomh flúirseach sin ar chladaí Chonamara. Thóg Donald Robb, as Albain, monarcha nua i gCill Chiaráin sna 1950idí mar go raibh sé níos saoire an mhonarcha a bheith in aice na cé. D’aistrigh an t-iomlán go dtí an láthair sin nuair a d’oscail sí agus tá sí ansin ó shin. Tosaíodh ansin ar fheamainn fhliuch a phróiseáil. Fuair Robb post bainisteora san áit nuair a críochnaíodh an obair thógála agus ba é siúd a thug a chéad deis do Joe John in 1955. Obair choicíse a fuair sé i dtosach, ag tabhairt cúnamh d’oibrí eile a bhí ann. Chuir sé leoraí iomlán móna isteach in aon mhaidin amháin san áit a raibh plean ag a chomrádaí an lá uile a chaitheamh leis. Tugadh faoi deara an mianach a bhí ann agus tugadh post ní b’fhearr ná sin dó ina dhiaidh sin. Ba é an dualgas a bhíodh air ná a bheith i dteagmháil leis na bainteoirí feamainne i gcontaetha na Gaillimhe agus Mhaigh Eo agus a bheith ag ceannach na feamainne uathu. Bhí air a bheith cinnte go raibh caighdeán na feamainne ard go leor agus gan iomarca láibe inti, ionas go mbeadh sí inphróiseáilte. Chaith sé ceithre bliana is daichead san áit nó gur éirigh sé as sa bhliain 1999 agus níorbh aon ionadh gur Joe na Feamainne a thugtaí go ceanúil ar fud Chonamara air.

San am a raibh Joe John ina fhear óg bhíodh ócáidí móra ceoil Tigh Sé ar an gCeathrú Rua. Ó tharla go raibh carr aige, bhí dualgas fir tacsaí air do chlann Uí Cheannabháin as an Aird Mhóir a bhíodh ag casadh ceoil ag na coirmeacha sin. Bhí bean óg a bhí ag obair i seomra nuachta RTÉ i mBaile Átha Cliath, Rita Devine, ag taobhú na n-ócáidí sin chomh maith leis féin. Casadh í féin agus Joe John ar a chéile ansin. Ba é Tomás Mac Eoin a chuir in aithne dá chéile iad. Phós sé féin agus Rita a chéile in 1969 agus bhí mac agus iníon acu, Ciarán agus Fionnuala. Ba de dhream cáiliúil amhránaithe í Rita í féin, as ceantar Mhainistir Bhuithe i gContae Lú. Ba í an t-amhránaí iomráiteach Mary Anne Carolan a haintín. Bhí amhrán deas Gaeilge ag Rita ach, má bhí, bhí riail sa teach gurbh é Joe John máistir na n-amhrán Gaeilge agus gurbh í Rita banríon na n-amhrán Béarla.

Ceapadh ina amhránaí cónaitheach é in Ionad Léann na hÉireann in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, i mí Feabhra 2013, dualgas taitneamhach ar chuir sé suim mhór ann. Bhí éileamh maith ar a chuid ranganna. I ndáiríre fuair an ollscoil margadh, mar go mbíodh Rita ina theannta i gcónaí agus ise chomh maith leis féin ag cur comhairle ar na scoláirí. Bhásaigh Rita go tobann dhá bhliain roimhe féin in 2013 agus an bheirt acu ar a mbealach chuig an Oireachtas. D’ainneoin an bháis, tháinig Joe John i láthair ag ceolchoirm a d’eagraigh an tIonad sa Taibhdhearc go luath sa bhliain 2014 agus chas sé go binn, cruinn, paiteanta mar ba dhual dó. Bhuail tinneas é sa bhliain 2015 ach ní raibh aon súil lena bhás. Mar a d’éirigh do Rita, is ar na laethanta roimh an Oireachtas a tháinig an buille deireanach. Bhásaigh Joe John ar an 25 Deireadh Fómhair 2015. Rinne sé a chion féin don amhránaíocht agus don Ghaeilge ina cheantar dúchais agus ba chrann taca é ag an Oireachtas agus ag féilte áitiúla i gcaitheamh na mblianta.

Lillis Ó Laoire

Ailt

Suíomhanna gréasáin