Sa Lorgain i mBaile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe, a rugadh an timire seo ar 14 Eanáir 1881. Feirmeoir ba ea a athair Patrick Monahan agus ba í Mary McGragh a mháthair. Bhí triúr deirfiúracha agus ceathrar deartháireacha aige.

Fuair sé teastas múinteora i gColáiste Chonnacht i dTuar Mhic Éadaigh 1908 agus ó Mheán Fómhair na bliana sin go 1912 bhí ag obair mar mhúinteoir taistil i Laois agus in Uíbh Fhailí. Deirtear gur dá chois a thaistealaíodh sé 125 míle sa tseachtain sula bhfuair sé rothar. Faoi na 1930idí agus é ag gabháil den obair chéanna faoin gcoiste gairmoideachais is gluaisrothar a bhí aige! Chaith cúpla bliain i bhFine Gall i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath agus bhí ar ais arís i gContae Laoise ó 1914 go 1917 agus i bhFeabhra 1918 ceapadh ina fhothimire é i Laois agus in Osraí le ceanncheathrú aige i Mainistir Laoise. Nuair a tugadh scéim rúnaíochta isteach in áit na timireachta ag cruinniú den Choiste Gnó ar 14 Meán Fómhair 1920 fágadh ina rúnaí é sa cheantar céanna. Bhí sé ina bhall de Chomplacht A de 3ú Briogáid Theas Laoise de na hÓglaigh agus é ag iompar teachtaireachtaí timpeall an chontae. In Misneach 25 Nollaig 1920 tuairiscíodh é a bheith i bpríosún. Deir a mhuintir gur scaoileadh amach é roimh Lá Nollag agus gur éirigh leis dul abhaile go Baile an Mhuilinn agus tréimhse a chaitheamh ann. Ba é an post a bhí aige anois faoi chóiriú nua Aireacht na Gaeilge rúnaíocht Chill Chainnigh agus Osraí. Lean sé air ansiúd agus i gContae Laoise go dtí an Sos Cogaidh, é ar a choimeád an chuid is mó den am. Mar thimire bhí sé de réir cineáil agus tuairim deich seoladh aige sa tréimhse 1908–1923.

Bhí sé ag teagasc i gColáiste Chonnacht, Tuar Mhic Éadaigh, i rith samhradh 1922 agus chaith an chuid eile dá shaol oibre ag teagasc na teanga i gContae Laoise faoi Choiste Oideachais Talmhaíochta agus Teicniúil an Chontae ar dtús agus ansin faoin gCoiste Gairmoideachais. D’éag sé ar 3 Bealtaine 1953. Phós sé Bríd Nic Ghloinn ón gCaisleán Gearr, Co. na Gaillimhe, i 1944 agus rugadh beirt mhac dóibh. Scríobhadh sé scéalta in An Stoc 1925–8 (faoin ainm Tomás Ó Mannacháin). D’fhoilsigh Coiscéim Timire Aniar—Tomás Ó Mannacháin. Tiomsaithe ag Seosamh Ó Monacháin, 1995.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú