Ó MONACHÁIN, Tomás (1881–1953) Tomás Ó MONACHÁIN 1881 1953 An Lorgain, Co. na Gaillimhe M Coláiste Chonnacht, Tuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo óglach 1913–1922 [B9] múinteoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Sa Lorgain i mBaile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe, a rugadh an timire seo ar 14 Eanáir 1881. Feirmeoir ba ea a athair Patrick Monahan agus ba í Mary McGragh a mháthair. Bhí triúr deirfiúracha agus ceathrar deartháireacha aige.

Fuair sé teastas múinteora i gColáiste Chonnacht i dTuar Mhic Éadaigh 1908 agus ó Mheán Fómhair na bliana sin go 1912 bhí ag obair mar mhúinteoir taistil i Laois agus in Uíbh Fhailí. Deirtear gur dá chois a thaistealaíodh sé 125 míle sa tseachtain sula bhfuair sé rothar. Faoi na 1930idí agus é ag gabháil den obair chéanna faoin gcoiste gairmoideachais is gluaisrothar a bhí aige! Chaith cúpla bliain i bhFine Gall i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath agus bhí ar ais arís i gContae Laoise ó 1914 go 1917 agus i bhFeabhra 1918 ceapadh ina fhothimire é i Laois agus in Osraí le ceanncheathrú aige i Mainistir Laoise. Nuair a tugadh scéim rúnaíochta isteach in áit na timireachta ag cruinniú den Choiste Gnó ar 14 Meán Fómhair 1920 fágadh ina rúnaí é sa cheantar céanna. Bhí sé ina bhall de Chomplacht A de 3ú Briogáid Theas Laoise de na hÓglaigh agus é ag iompar teachtaireachtaí timpeall an chontae. In Misneach 25 Nollaig 1920 tuairiscíodh é a bheith i bpríosún. Deir a mhuintir gur scaoileadh amach é roimh Lá Nollag agus gur éirigh leis dul abhaile go Baile an Mhuilinn agus tréimhse a chaitheamh ann. Ba é an post a bhí aige anois faoi chóiriú nua Aireacht na Gaeilge rúnaíocht Chill Chainnigh agus Osraí. Lean sé air ansiúd agus i gContae Laoise go dtí an Sos Cogaidh, é ar a choimeád an chuid is mó den am. Mar thimire bhí sé de réir cineáil agus tuairim deich seoladh aige sa tréimhse 1908–1923.

Bhí sé ag teagasc i gColáiste Chonnacht, Tuar Mhic Éadaigh, i rith samhradh 1922 agus chaith an chuid eile dá shaol oibre ag teagasc na teanga i gContae Laoise faoi Choiste Oideachais Talmhaíochta agus Teicniúil an Chontae ar dtús agus ansin faoin gCoiste Gairmoideachais. D’éag sé ar 3 Bealtaine 1953. Phós sé Bríd Nic Ghloinn ón gCaisleán Gearr, Co. na Gaillimhe, i 1944 agus rugadh beirt mhac dóibh. Scríobhadh sé scéalta in An Stoc 1925–8 (faoin ainm Tomás Ó Mannacháin). D’fhoilsigh Coiscéim Timire Aniar—Tomás Ó Mannacháin. Tiomsaithe ag Seosamh Ó Monacháin, 1995.