Is minic a bhíodh a líníochtaí d’imeachtaí shaol na Gaeilge – feiseanna, cruinnithe, rinceoirí, ceoltóirí, an bailiúchán náisiúnta – i gcló os cionn an tsínithe ‘Ua Fagáin’. Tá beagán díobh le feiceáil i leabhar Phádraig Uí Fhearaíl, The story of Conradh na Gaeilge, 1975.

I Steach Gob i gceantar Leamhcáin, Co. Bhaile Átha Cliath, mar a raibh feirm ag a athair James Fagan, a rugadh é 25 Iúil 1879. Catherine Hest ab ainm dá mháthair. Ní móide aon Ghaeilge bheith aige gur cheangail sé le Conradh na Gaeilge. Oibrí dúthrachtach ba ea é ó 1902 amach, é i measc na dteachtaí ag ardfheiseanna 1904 agus 1905. Ba é faoi deara bunú craoibhe i gCluain Dolcáin agus bhí sé ina uachtarán ar Choiste Ceantair Mhaigh Life. Faoi 1907 bhí sé ina bhall de Choiste na gClónna. Ní raibh sé ach 28 bliana d’aois nuair a d’éag sé 28 Nollaig 1907. An eitinn ba chúis lena bhás. Ní raibh sé pósta.

Scríobhadh in An Claidheamh Soluis 4 Eanáir 1908: ‘Mairfidh na pictiúir a rinnis led’ láimh dheas stuama agus beidh páistí na hÉireann ag féachaint orthu ina gcuid leabhar agus ag baint suilt agus aoibhnis astu an fhaid is a bheas an Ghaeilge dá múineadh inár scoileanna’. Tagraítear go speisialta dá léiriúcháin in Stair-cheachta, cuid a 2, An treas leabhar, agus An tÁilleán le Torna.

Faoina shaothar ealaíne i gcoitinne bhí an méid seo i gcló: ‘He was one of the young men whose work during the past four or five years has been laying anew the foundations of an Irish art. There was power and promise of great things in the very crudeness and stern fidelity to life as he saw it which some people objected to in his drawings and pictures .... His landscapes redolent of Maigh Life and Fine Gall were always sought out by real lovers of conscientious workmanship at Academy exhibitions, and though one did not always like them one always recognised their power and vitality’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú