Ní raibh ach fíorbheagán, leathdhosaen, b’fhéidir, a chaith tréimhse níos faide na é, tuairim scór bliain, ina mbaill de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge nuair a bhí an eagraíocht sin i mbarr a nirt. Dar leis an iontráil in Celtic who’s who 1921 gurbh sa Leathcheathrú, An Droichead Nua, Co. na Gaillimhe, a rugadh é ar 2 lúil 1874. Ba iad John Crehan agus Mary Farrell a thuismitheoirí, Rushestown, an Creagán, Co. na Gaillimhe, an chaoi a gcuirtear síos ar a áit bhreithe in Galway authors. Níl an Droichead Nua ach ceithre mhíle go leith ón gCreagán.

Bhí sé i gColáiste Chnoc an tSamhraidh i Sligeach sular oirníodh é i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, 1900. D’oibrigh sé sna paróistí seo: Ail Finn (Ros Comáin), An Gleann agus Bealach idir Dhá Abhainn (Sligeach), paróiste Naomh Muire i Sligeach, agus sa Ghráinseach. Ceapadh ina shagart paróiste é i gCill Bheagnada 1927 agus is ann a d’fhan sé an chuid eile dá shaol. Rinne canónach de 1940.

An pháirt a ghlac sé san fheachtas i 1904 in aghaidh údaráis an phoist chun gurbh fhéidir seoltaí Gaeilge a chur ar litreacha a thug os comhair an tsaoil Ghaelaigh é i dtosach. Ó 1906 go 1925 bhí sé ina bhall den Choiste Gnó. Bhí sé ina uachtarán ar an gConradh i Sligeach ar feadh i bhfad agus, sna 1930idí, ina uachtarán ar choiste contae Ros Comáin. D’eagraigh sé Feiseanna Dhunamon agus Bhealach an Doirín agus bhí ina uachtarán ar Fheis na Gráinsí. Bhí baint aige le bunú Choláiste Chonnacht i bPartraí 1905 agus ar feadh tréimhse fada bhí ina ardrúnaí ag an dá Choláiste Chonnacht, i dTuar Mhic Éadaigh agus sa Spidéal.

D’éag sé 1 Iúil 1956. Scríobh sé na leabhair seo: Comhrádh le haghaidh mac léighinn, 1902 (i gcomhar le C. B. J. Goff) – clóbhuaileadh 13,000 cóip den tríú heagrán i 1904; Leabhar urnaighthe N. Phádraic, 1905 (athchló 1919).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú