Tom Mheait a thugtaí air agus tá cuntas air in Ar Aghaidh, Feabhra 1936 ag Eric Mac Fhinn sa tsraith ‘Seanchaithe Clúúla’. Baisteadh é 9 Eanáir 1864 ar an gCamdhoire i gCill Bheagnait i gContae na Gaillimhe. Mathias Lohan and Winifred Dowd a thuismitheoirí dar leis an taifead baiste. Bhí beirt deartháireacha aige agus triúr deirfiúracha. Bhí ocht n-acra ar cíos ag a athair ó thiarna talún darb ainm Pallac. Tógadh an talamh uaidh agus d’imíodh sé go Sasana ag obair. Ní raibh sé in ann táillí bunscoile Thomáis a íoc agus níor chaith seisean ach tamall an-ghairid ar scoil. Thosaigh sé ag obair ar chúig phingin sa ló agus ansin, nuair a bhí sé 17 mbliana d’aois, chuaigh sé go Sasana lena athair. Chaith sé cuid mhaith blianta ag dul ann agus d’fhoghlaim sé Béarla. Chaitheadh sé téarmaí sa bhaile ag obair mar oibrí feirme don tiarna talún. Phós sé Máire Ní Chatháin as an gCamdhoire 14 Feabhra 1897. Cliamhain isteach ba ea é. Go dtí go bhfuair athair a chéile bás ceithre bliana ina dhiaidh sin lean sé air ag dul go Sasana. Ceapadh an tAthair Brian Ó Críocháin mar shagart paróiste i gCill Bheagnada i 1927 agus ba é a chuir Tomás in aithne d’Fhionán Mac Coluim, d’Éamonn Ó Tuathail agus don Athair Eric Mac Fhinn. Tugadh go Gaillimh é chun go ndéanfaí ceirníní dá chuid cainte. Ar an gcuma sin a d’éirigh sé cairdiúil le Tomás Ó Máille. Bhíodh píosaí i gcló aige in An t-Éireannach, Ar Aghaidh, Béaloideas, Gearrbhaile. Bhí guth binn aige agus thógadh Gearóid Ó Maoil Mhichil amhráin uaidh. D’éag sé 24 Lúnasa 1942. Baintreach ba ea é faoin am sin. Ní cosúil go raibh aon chlann aige.

Tá cuntas ag Eric Mac Fhinn air in Béaloideas agus tá píosa faoi in An t-Éireannach 28 Meán Fómhair 1935. Deirtear ann go gcumadh sé dánta agus go raibh seanchas aige faoi chúltroid Uí Shúilleabháin Bhéarra. Agus tá aiste sa pháipéar céanna ag Eric Mac Fhinn ar 2 Samhain 1935 faoin teideal ‘An Dá shaol—seanchaí Chamdhoire’. Tá aiste faoina chuairteanna ar Shasana in Ar Aghaidh, Aibreán 1938.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú