Tá an cuntas seo bunaithe go hiomlán ar aiste 27 leathanach ag an Dr. William Mahon in Irisleabhar Mhá Nuad 2008 (2009). I ndiaidh a bháis bhí cuntas ar an nGríofach seo ag Mícheál Ó Lócháin in An Gaodhal, Deireadh Fómhair 1896. Baisteadh é ar an mBinn Bhán, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí, ar 6 Samhain 1829. Ba iad Séamas Ó Gríofa agus Maighréad Ní Fhiannachta a thuismitheoirí. D’aistrigh an chlann go dtí an Rinn Bhuí, Co. Chiarraí, tuairim is 1850. Ta cúpla véarsa d’amhrán faoin Rinn Bhuí a chum Tomás féin i gcló ag Mahon. Tuairimítear go raibh sé ar scoil ag na Bráithre Críostaí sa Daingean, Co. Chiarraí, ó 1848 amach. Bhí léamh na Gaeilge aige agus is é tuairim Mahon gurbh ón scríobhaí Tomás Ó Gruimhthuin a d’fhoghlaim sé sin. Is dóigh leis freisin gur fhreastail Tomás ar Scoil Náisiúnta an Daingin. Roimh dhul ar imirce dó bhreac sé dánta creidimh a bhí foghlamtha aige. Faoi mhí na Bealtaine 1850 bhí Bostún sroichte aige, cathair a bhí ag cur thar maoil le hÉireannaigh. Chuir sé faoi i mbaile Lawrence, 25 míle ón gcathair sin, áit a raibh Eireannaigh líonmhar ann freisin. I mí na Samhna 1853 phós sé ann Eibhlín Ní Scanaill ó Chorca Dhuibhne.

Sna 1850idí sin ba mhinic é féin agus a dheartháir Muiris anseo is ansiúd in Massachusetts, iad i measc na n-oibrithe a bhí ag obair ar thógáil ráillí na mbóithre iarainn, tithe agus monarchana. An chéad pháiste a rugadh dó in 1855 fuair sí bás in 1858 agus an dara hiníon a rugadh dó in 1865 d’éag sí agus gan aicise ach na trí bliana freisin. Rugadh mac dó in 1865 agus cúigear eile ina dhiaidh sin. Cheannaigh sé teach mór in Lawrence agus choinníodh lóistéirí agus bhí siopa aige ann. Faoi 1869 ba shaoránach Meiriceánach é. Faoi 1870 bhí sé ‘ar dhuine de na hÉireannaigh ba rachmasaí i Lawrence.’ Bhí 28 duine sa teach acu idir oibrithe muilinn agus sclábhaithe. Fear fial ba ea é. D’íocadh sé pasáistí do dhaoine, chabhraíodh le Ciarraígh in Éirinn a bhí ag lorg a ngaolta agus chuireadh An Gaodhal, páipéar Mhichíl Uí Lócháin, saor in aisce chuig daoine in Éirinn agus sna Stáit. Bhí sé an-charthanach agus tugann Mahon fianaise air sin. Ach bhí sé thíos go mór leis an meath eacnamaíochta san Eoraip agus i Meiriceá ó 1873 go 1878. Tá an píosa seo d’amhrán Thomáis, ‘Díothú Thomáis Uí Ghríofa’, i gcló ag Mahon:

Bliain sa taca seo bhíos-sa faoi charabhat buí agus bán. / Ba deas iad mo bheist is mo bhríste, is mo hata, bhí díreach ard./ Bróga den leathar ba dhaoire agus casóg bhreá bhí gan cháim, / ’S nuair gheobhadh an collection timpeall is blasta bhíodh cúig im láimh.

Ach in 1883 d’oscail sé salún beag. Deir Mahon: ‘Go deimhin, ba mhinic gurbh ionann salún cathrach agus club polaitiúil na tréimhse sin’. Bhí Tomás ina bhall den Pháirtí Daonlathach ach in 1884 bhí sé ina bhall den ‘People’s Party,’ arbh ar chearta oibrithe agus ar chearta sibhialta a bhí an bhéim acu. D’éirigh go maith leo in Lawrence agus anseo is ansiúd in Massachusetts ach theip orthu go ginearálta.

Ní go dtí 1879 a chuir sé spéis i ngluaiseacht athbheochan na teanga. Is amhlaidh a thug Tomás Ó Néill Ruiséal léacht don Philo-Celtic Society i mí na Samhna 1879. Bhí Tomás ina uachtarán ar an Irish Catholic Benevolent Society agus thug siad sin cuireadh don Ruiséalach léacht a thabhairt in Lawrence. Ceol agus teanga na hÉireann b’ábhar dá léacht agus bhí mar thoradh air gur bunaíodh craobh den Philo-Celtic Society sa bhaile an tseachtain dár gcionn. ‘Toghadh Tomás ina mhúinteoir Gaeilge dóibh agus thosaigh sé láithreach ag tabhairt: “a series of interesting excercises in the pronunciation of vowels and diphthongs and also in the spelling of monosyllables” (The Lawrence Journal , 1 Márta 1879)’. I gcló ag Fionnuala Uí Fhlannagáin in Micheál Ó Lócháin agus An Gaodhal (1990), tá an abairt seo a bhí ag Tomás in The Irish Echo, Lúnasa 1889: ‘We have an Irish class formed here for the last two months, and we can count among our pupils two doctors, two priests and many others of our respectable citizens.’

Tugann Mahon cuntas ar na lámhscríbhinní a bhí tagtha i seilbh Thomáis. The Irish Echo an páipéar a d’fhoilsíodh an Boston Philo-Celtic Society agus i rith 1888 agus 1889 cheannaíodh 619 de mhuintir Lawrence é. Chuir Tomás roinnt téacsanna fada Gaeilge isteach chucu le foilsiú agus dúirt an t-eagarthóir: ‘Mr Thomas Griffin, of Lawrence, Mass. has the largest collection of Irish manuscripts that we know to be in this country.’ Tá siad liostaithe ag Mahon.

In 1887 theip ar ghnó an tí tábhairne a bhí ag Tomás agus sin de bharr feachtais ag sagart paróiste nua in aghaidh an ólacháin. Bhí sé ag titim chun feola le tamall maith agus diaibéiteas air. D’éag sé ar 7 Lúnasa 1896 agus bhí an tuairisc seo in Lawrence Evening Tribune:

Mr Griffin was a leader in many causes that were for the advancement of his race. He was the first Gaelic scholar in the city . With the late Timothy Mann he conducted a Gaelic school for years. He was looked up to by his own people. His portly figure was a familiar sight on the “Plains”. He was a good natured man, and had accomplished much for charity. He is survived by his wife, three daughters and two sons.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú

Leabhair

Ailt