I ndiaidh feallmharú an Athar Ó Gríofa i 1920 dúirt an tEaspag Ó Dochartaigh: ‘Political views he has held, no doubt, but as far as they were concerned his active energies were devoted mainly to the preservation and spread of the Irish language. Was this a crime deserving of death?’. Tá beatha an tsagairt scríofa ag an Athair Pádraig Ó Laoi in Fr. Griffin 1892–1920, 1994.

I nGoirtín, tuairim 10 míle ar an taobh thuaidh de Bhaile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe, a rugadh é ar 18 Meán Fómhair 1892. Feirmeoir ba ea a athair John agus ag am a bháis i 1914 bhí sé ina chathaoirleach ar an gComhairle Contae. B’as an bhFairche in aice le Conga dá mháthair, Mary Kyne. Bhí beirt deartháireacha agus beirt deirfiúracha aige. Tar éis bunscolaíochta chaith sé trí bliana i gColáiste Naomh Seosamh i mBéal Átha na Sluaighe roimh dhul go Maigh Nuad i 1910. Thabharfá leat ó leabhar Uí Laoi gur thosaigh a spéis sa Ghaeilge go hóg ina shaol, go háirithe toisc go gcaitheadh sé laethanta saoire gach bliain i ndúiche a mháthar, ar cheantar Gaeltachta é san am sin. Agus déanann sé talamh slán de go raibh foghlaim na teanga mar chaitheamh aimsire aige a luaithe a shroich sé Maigh Nuad. Ach in Misneach 4 Nollaig 1920 faoin ainm pinn ‘Glaschú’ scríobh cara leis: ‘Is maith is cuimhin liom an chéad uair a thosaigh an tAthair Micheál ag foghlaim na Gaeilge. I bhfómhar bhliain ‘Seachtain na Cásca’ dob ea é. Ar nós ar fud na tíre bhí spiorad breá Gaelach i Maigh Nuad agus bhí chuile dhuine ar a dhícheall ag foghlaim na Gaeilge. Tháinig an tAthair Ó Gríofa isteach i mo bhuíonsa agus ba dhúthrachtach an scoláire é. Ní raibh ach fíorbheagán Gaeilge aige an uair sin agus an méid sin féin as na leabhraí’.

Oirníodh é 29 Aibreán 1917 i mBealach an Doirín. Cé gur bhain sé le deoise Chluain Fearta tugadh do dheoise na Gaillimhe é. Chaith sé bliain in Inis Díomáin, Co. an Chláir. Scríobh ‘Glaschú’: ‘Níor fhailligh sé ar an nGaeilge ansin mar chuartaigh sé amach seanfhear a raibh an Ghaeilge aige agus is iomaí comhrá a bhí aige leis. Tháinig sé go Gaillimh i 1918 agus is maith is cuimhin liom an t-áthas a bhí air nuair a fuair sé amach go mbeadh Gaeltacht dáiríre faoina stiúrú. Tháinig sé ar cuairt chugainn anseo anuraidh agus bhí feabhas chomh mór sin ar a chuid Gaeilge is nach gcreidfeadh seanfhear a raibh sé ag comhrá leis uaim nach raibh Gaeilge ón gcliabhán aige’. I bparóiste Rathúin a bhí sé agus bhí sin ag síneadh amach trí Bhearna go dtí na Forbacha. Cheangail sé leis an gcraobh áitiúil de Chonradh na Gaeilge agus d’fhreastail ar chúrsaí sa Spidéal i 1919 agus 1920. D’eagraíodh sé an fheis i mBearna. Bhí baint aige le Crois Bhán na hÉireann agus le hiasacht na Dála sa cheantar.

Thug a chara Micheál Ó Droighneáin scéala dó go raibh a ainm ar liosta fhórsaí na Breataine. Fuadaíodh óna theach é 14 Samhain 1920. Lámhachadh é agus fritheadh a chorp i gCloch Scaoilte 20 Samhain. Baineann leabhar Uí Laoi go príomha lena bhás. Tar éis dó an taighde agus an fhianaise go léir a scagadh tuairimíonn sé gurb é an rud is dealraithí gur bhaill den Chonstáblacht Ríoga a mharaigh é go timpisteach le linn dóibh bheith á cheistiú go bagarthach. Scéal an-mhór ag an am ba ea a bhás agus scéal mór ó shin é toisc gur mistéir go fóill é.

Tógadh dealbh os cionn a uaighe taobh leis an ardeaglais i mBaile Locha Riach. Na sagairt a bhí san aon bhliain leis i Maigh Nuad a thóg an leacht cuimhneacháin ag Cloch Scaoilte. Tógadh séipéal ina chuimhne i nGoirtín agus ainmníodh bóthar agus club peile i nGaillimh as.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú