I “Carrickbeg House” sa Charraig Bheag ar thaobh Phort Láirge de Charraig na Siúire a rugadh é ar 22 Feabhra 1839. Ba é an dara mac agus an cúigiú leanbh é ag Patrich Hayden agus a dhara bean chéile Mary Anne McDermott. Bhí monarcha éadaigh ag muintir Éideáin. Bhí deartháir leis, Daniel (d’éag Eanáir 1866), sna hÍosánaigh freisin agus bhí a dheirfiúr Eliza pósta ar Pierse Power, seanathair Phiarais Mhic Channa.

Bhí sé ina dhalta i gColáiste Coill Chluana Chluana Gabhann ó 1851 go 1854. Cheangail sé le Cumann Íosa i bPáirc Bhaile an Mhuilinn ar 17 Feabhra 1862. Ó 1865 ar aghaidh bhí sé ag déanamh staidéir i dtithe de chuid na nÍosánach: Roehampton i Londain ar an litríocht; Stonyhurst, Lancashire ar an bhfealsúnacht ó 1872 go 1874; ar an diagacht i gColáiste Beuno sa Bhreatain Bheag. Chríochnaigh sé na trí bliana deiridh dá nóibhíseacht i bPáirc Bhaile an Mhuilinn. Bhí sé tamall i nGhent na Beilge. Chaith sé 1881–85 ag obair in Eaglais Naomh Proinsias Xavier i Sráid Gardnar, Baile Átha Cliath. Cúpla bliain ansin ag múineadh eitice i bPáirc Bhaile an Mhuilinn sular aistríodh é go dtí Eaglais an Chroí Naofa, sa Chorrán, Luimneach. Ó 1891 go 1893 bhí sé ar ais i mBaile an Mhuilinn ag tabhairt misean agus ag múineadh diagachta. Thuairmigh Brian Mac Giolla Phádraig in Feasta, Márta 1956 gur i rang Éamoinn Uí Ógáin i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath a casadh Eoin Mac Néill air. Ba é ba thúisce a thug freagra ar chuireadh Mhic Néill agus ar 31 Iúil 1893 bhí sé ar an mbeagán a bhí ag an gcruinniú ag ar bunaíodh Conradh na Gaeilge. Scríobh sé péire leabhar: Irish pronunciation: practice and theory (1895) agus An introduction to the study of the Irish language based upon the preface to Donlevy’s Catechism(1891).

Chaith sé an bhliain 1894 agus an tréimhse 1900–1905 in Eaglais Naomh Iognáid i nGaillimh – bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an Chonartha ansiúd – agus an chuid eile dá shaol i Sráid Gardnar agus i mBaile an Mhuilinn mar ar éag sé ar 9 Eanáir 1919.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú