Bhí an sagart Doiminiceach seo ina Ollamh le hOideachas i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe. Sa Nás, Co. Chill Dara, a rugadh é 15 Deireadh Fómhair 1921. Ba é an ceathrú leanbh é ag William agus Maria Agnes Ó hÉideáin. Bhí sé ar scoil ag na Bráithre Críostaí sa Nás agus i gColáiste Ollscoile Chorcaí ina dhiaidh sin. Bhí an chéim DPhil aige agus ó 1956 go 1964 bhí sé ina léachtóir le fealsúnacht i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe. Scríobh sé National School Inspection in Ireland: The Beginnings, 1967. D’éag sé 7 Márta 2001.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú