In An Linn Bhuí 4, 2000 tá cuntas uirthi ag a hiníon Neans agus téacs an agallaimh a chuir an Dr Seán Ua Súilleabháin uirthi ar 25 Iúil 1999 agus é ag taighde ar chanúintí na Mumhan. Scríobh seisean fúithi: ‘B’iad na buanna a bhí ag Peig na buanna a bhí ag an seanaghlúin a thug an teanga agus an dúchas leo go dtí ár lá féin: bhí uaisleacht agus séimhe ag baint léi; bhí sí muinnteartha taitneamhach; má bhí sí mórálach as ar thug sí léi den Ghaelainn agus d’eolas ó ré sarar rugadh puinn againn níor fhág san aon mhór is fiú uirthi, ach í go caoin cneasta ag scaoileadh an eolais chun an té a thiocfadh á iarraidh. Ní haon bhua cainte amháin a bhí aici ach dhá bhua ar a laghad: an tseana-Ghaelainn bhreá a bhí aici, agus an éascaíocht chainte ba dhual don chuid ab fhearr den ghlúin sin a tógadh sara raibh raidió ná teilifís ag cliotaráil de shíor sa chúinne mar chaitheamh aimsire dhúinn, mar dhea.’

I mBaile na nGall Beag sa Rinn, Co. Phort Láirge, a rugadh í i mBealtaine 1905 do Mháire Ní Chionnfhaolaidh agus do Sheán Turraoin, iascaire. Bhí deirfiúr amháin aici. Níor múineadh aon Ghaeilge di ar scoil ach thabharfá leat ó chuntas na hiníne go raibh ranganna tar éis scoile chun léamh agus scríobh na teanga a mhúineadh do pháistí na Rinne. Ó 1919 amach bhíodh páirteanna aici sna drámaí a raibh baint ag a col cúigir Micheál Ó Cionnfhaolaidh leo. Chaith sí tamall ag múineadh Gaeilge do theaghlach i nDumhach Thrá, Baile Átha Cliath. Chuaigh sí isteach i gCumann na mBan a luaithe a bunaíodh sa Rinn é agus is i rith na tréimhse sin dá saol a chuir sí aithne ar Dheuglán Ó Réagáin. Fuair a hathair bás i 1925 agus an bhliain dár gcionn chuaigh sí go Bostún. Sé bliana a chaith sí thall, í ag tabhairt aire do pháistí, tamaill le cócaireacht nó ag obair in óstáin. D’fhill sí abhaile i 1932 gur phós Deuglán Ó Réagáin sa Rinn 11 Samhain 1932. Bhí feirm bheag acu agus rugadh iníon agus beirt mhac dóibh. Ar ball bhí sí i mbun buíne a bhí ag cniotáil do Ghaeltarra Éireann. Ó na 1970idí amach bhí éisteoirí Raidió na Gaeltachta ag cur aithne uirthi. D’éag sí ar 1 Feabhra 1999.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú