Chaith sé tamall ina stiúrthóir ar an bhFáinne. Tá cuntas air in ‘An Mhuintir S’Againne’, Scéala Éireann 26 Feabhra 1957. In Indreabhán, Co. na Gaillimhe, a rugadh é. Óna óige bhí sé i mBráithreachas na Poblachta agus sna hÓglaigh. Chaith sé tamall ag múineadh i gContae Laoise faoin gCoiste Ceardoideachas. Fuair sé scoláireacht ón gCéad Dáil agus oileadh mar thimire é. Le linn dó a bheith ag timireacht bhí sé ag eagrú agus ag oiliúint na nÓglach. Bhí sé ar a choimeád ó 1919 amach. Is mar ‘Máilleach Chois Fharraige’ atá tagairtí dó ag Colm Ó Gaora in ‘Mise’, 1943 agus é ag cur síos ar eachtraí i gCogadh na Saoirse. Ghabh fórsaí an tSaorstáit é i 1923 agus chaith sé tamall i bpríosún i nGaillimh agus i ngéibheann sa Churrach. Saoradh é i 1924 ach nuair nach raibh sé sásta glacadh leis an móid dílseachta bhí sé gan phost ar feadh i bhfad. Ag múineadh i gcoláistí tráchtála, i meánscoileanna agus i gConradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath a bhí sé go bhfuair sé post státseirbhíse i 1939. Bhí baint aige le mórán gnéithe de obair na Gaeilge, é ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha ó 1931 ar aghaidh, é ina dhuine den seisear a bhí ag feidhmiú mar Rúnaí i 1933, ina rúnaí agus ina Leas-Uachtarán ar an Ard-Chraobh; ina Uachtarán ar an bhFáinne ar feadh na mblianta agus ina Ard-Rúnaí air 1932-35. Luann Proinsias Mac Aonghusa é i measc na gConraitheoirí a bhíodh ag cur cás na Gaeltachta ar aghaidh (Ar son na Gaeilge: Conradh na Gaeilge 1893-1993, 1993). Mhol Máirtín Ó Cadhain agus é féin rún ag Ard-Fheis 1935 nach mbeadh Béarla riachtanach feasta d’aon phost stáit. Bhí sé ina rúnaí ar Chumann Cosanta na Gaeltachta, agus ar dhuine de bhunaitheoirí an chumainn sin, agus ina ollamh i Coláiste Bhríde in Ó Méith i 1925 agus i Rann na Feirste 1926-38. D’éag sé 20 Samhain 1985 agus tá sé curtha i reilig an Chnuic. Ag am a bháis bhí cónaí air i gCloch na Rón agus luadh a bhean Úna, agus a mac agus a n-iníon san fhógra báis. Tá curtha síos ar an leac uaighe go raibh 90 bliain d’aois aige.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú