TUNNEY, Paddy (1921–2002)
Le caoinchead ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Tá cuntais ar an amhránaí cáiliúil seo in Irish Times 21 Nollaig 2002 agus in The companion to Irish traditional music, 1999 in eagar ag Fintan Vallely. Tá eolas ar a bheatha ina leabhar féin, The stone fiddle: my way to traditional song, 1979. Deirtear gur aistrigh sé dánta Naomh Eoin na Croise go Gaeilge. I nGlaschú a rugadh é ar 28 Eanáir 1921 ach is in aice le Béal Leice, Ard Mhacha, i bhFear Manach agus i gceantar Phaiteagó, Co. Dhún na nGall, a d’fhás sé suas. Ba iad Patrick Tunney agus Brigid Gallagher a thuismitheoirí agus bhí seachtar leanaí eile sa teaghlach. Thosaigh sé ag obair in aois 14 bliain dó. Bhí sé san IRA timpeall an ama sin agus chaith ceithre bliana go leith i bpríosún i mBéal Feirste agus rinne staidéar ar an nGaeilge ann. Cháiligh sé mar oifigeach sláinte poiblí agus bhí ag obair i Leitir Ceanainn, i gCiarraí agus i nGaillimh. Bhí beirt iníonacha agus ceathrar mac aige féin agus a bhanchéile Síle. D’éag sé ar 7 Nollaig 2002 i Leitir Ceanainn.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú