Bhí an polaiteoir seo ina bhall de Bhord na Gaeilge ar feadh i bhfad agus b’fhéidir gur mhinice é ná aon bhall eile d’Fhianna Fáil mar urlabhraí ag an bpáirtí i gcláir Ghaeilge RTÉ ó 1973 ar aghaidh. Tá cuntais air in The Magill Book of Irish Politics, 1981 agus in Irish Times 19 Eanáir 2002. I bhFionnghlas, Co. Bhaile Átha Cliath, a rugadh é ar 25 Nollaig 1924. B’as Co. Mhaigh Eo dá athair James, fear a ghlac páirt i gCogadh na Saoirse agus a bhuaigh suíochán i gContae Bhaile Átha Cliath do Pháirtí an Lucht Oibre in olltoghchán 1943 agus a bhí ina Sheanadóir tar éis olltoghchán 1944. Ba í Ellen Grimes a mháthair agus bhí cúigear deirfiúracha aige agus beirt deartháireacha. Tar éis scolaíochta i Scoil Náisiúnta Naomh Bríd, Fionnghlas, agus i Scoil Naomh Uinsionn, Glas Naíon, chaith Jim 12 bliain ag obair sa Roinn Talmhaíochta. D’imir sé peil do Chontae Bhaile Átha Cliath agus bhí ina bhall d’fhoireann a bhain Craobhchomórtas Sóisearach na hÉireann. Bhí sé tugtha don aisteoireacht agus chuir isteach ar phost in Amharclann na Mainistreach. Tar éis dó BA a fháil sa stair, san eacnamaíocht agus sa Bhéarla, de thoradh léachtanna oíche sa Choláiste Ollscoile, agus tar éis dó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge, fuair sé post mar mhúinteoir drámaíochta faoi Choiste Gairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath. I 1962 ceapadh é ina phríomhoide ar Cheardscoil Bhaile Bhlainséir. Toghadh é ina bhall de Chomhairle Chathair Bhaile Átha Cliath i 1967 agus ina theachta Dála i mBaile Átha Cliath Thiar Thuaidh i 1969. Bhí sé ina urlabhraí ag Fianna Fáil i dtaobh gnóthaí Gaeltachta ar feadh 1973-77. I 1977 ceapadh é ina aire sóisearach sa Roinn Oideachais. Vótáil sé do Sheoirse Colley [q.v.] i gcomórtas ceannaireachta Fhianna Fáil i 1979 ach d’fhan dílis do Chathal Ó hEochaidh ina dhiaidh sin. Ceapadh é ina Chathaoirleach ar an bPáirtí Parlaiminteach i 1982 agus ina Leas-Cheann Comhairle sa Dáil i 1987. ‘As a leas-Cheann Comhairle for two terms in the Dáil he had little tolerance for parliamentary antics from any side. When in the chair, he ruled the chamber like a classroom and ignored grumbles from his party colleagues as well as opponents. But his courtesy and wit were appreciated and made him a popular figure outside his official duties’ (Irish Times). Bhí ráite aige nach seasfadh sé in olltoghchán 1992 ach sheas agus chaill a shuíochán. Bhí sé pósta ar Cathleen Byrne agus bhí beirt mhac agus beirt iníonacha acu. D’éag sé 17 Eanáir 2002.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú