Bhí an chuma ar an eaglaiseach seo ar feadh tamaill gur le scoláireacht na Gaeilge a rachadh sé; tá trí alt i gcló aige san imleabhar tosaigh de Éigse in 1939; in The Irish(1947), dúirt Seán Ó Faoláin go raibh sé tosaithe ar eagar a chur ar Pairlement Chloinne Tomáis. Ach le cúrsaí diagachta agus eaglasta amháin a bhaineann a chuid scríbhinní ina dhiaidh sin. Tá eolas ina thaobh in Who’s Who (1999) agus in Who’s Who, What’s What and Where in Ireland(1973) agus tá tagairtí dó ag Risteárd Ó Glaisne in Gaeilge i gColáiste na Tríonóide (1992). I gCorcaigh a rugadh an chéad leanbh seo ag James Arthur McAdoo, cuntasóir, agus a bhean Susan Good ar 10 Eanáir 1916. Cuireadh oideachas air i Scoil Ghramadaí Chorcaí agus i Scoil Mhuinseo, Baile Átha Cliath. ‘Mar mhac léinn i gColáiste na Tríonóide ba Scoláire de chuid an Tí é, bhuaigh sé duaiseanna Bhedell, White, Kyle agus Downes, agus céim go n-onóracha den chéad ghrád a ghnóthaigh sé’ (Ó Glaisne). Tá na paróistí go léir a raibh sé ag obair iontu liostaithe in Who’s Who; i gCorcaigh atá a bhformhór. Toghadh é ina easpag ar Osraí, Fearna agus Leithghlinn in 1962 agus ina Ardeaspag ar Bhaile Átha Cliath in 1977. Deir Ó Glaisne: ‘Ainneoin an Ghaeilge a bheith ar a thoil aige, is le smaointeoireacht agus stiúrthóireacht ardleibhéil ar chúrsaí Eaglaise a chaith sé a dhúthracht, áfach, agus tá iomrá ar a shaothar mar sheanmóirí, mar léachtóir agus mar scríbhneoir, ní in Éirinn amháin ach sa Ghearmáin, sa Bhreatain agus i Meiriceá Thuaidh. ... B’eisean duine den bheirt chomhchathaoirleach a bhí ar choimisiún mhór idirnáisiúnta Anglacánach-Caitliceach Rómhánach sna seachtóidí.’ Mhair an coimisiún sin ar feadh 1969-81. Scríobh sé tuairim 16 leabhar a mbaineann a bhformhór mór le spioradáltacht, diagacht, stair agus pearsana na heaglaise Anglacánaí. Rinne Comhalta Oinigh de Choláiste na Tríonóide de in 1989. D’éag sé 10 Nollaig 1998. Bhí sé pósta ar Leslie Dalziel Weir agus bhí mac agus beirt iníonacha acu.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú