McADOO, Henry Robert (1916-1998) Henry Robert McADOO 1916 1998 Corcaigh M An Scoil Ghramadaí , Bóthar na Dúcharraige, Corcaigh Scoil Mhuinseo, Baile Átha Cliath Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath sagart Anglacánach [B9] scoláire ministir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Bhí an chuma ar an eaglaiseach seo ar feadh tamaill gur le scoláireacht na Gaeilge a rachadh sé; tá trí alt i gcló aige san imleabhar tosaigh de Éigse i 1939; in The Irish, 1947, dúirt Seán Ó Faoláin go raibh sé tosaithe ar eagar a chur ar Pairlement Chloinne Tomáis. Ach le cúrsaí diagachta agus eaglasta amháin a bhaineann a chuid scríbhinní ina dhiaidh sin. Tá eolas ina thaobh in Who’s Who, 1999 agus in Who’s Who, What’s What and Where in Ireland, 1973 agus tá tagairtí dó ag Risteárd Ó Glaisne in Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, 1992. I gCorcaigh a rugadh an chéad leanbh seo ag James Arthur McAdoo, cuntasóir, agus a bhean Susan Good ar 10 Eanáir 1916. Cuireadh oideachas air i Scoil Ghramadaí Chorcaí agus i Scoil Mhuinseo, Baile Átha Cliath. ‘Mar mhac léinn i gColáiste na Tríonóide ba Scoláire de chuid an Tí é, bhuaigh sé duaiseanna Bhedell, White, Kyle agus Downes, agus céim go n-onóracha den chéad ghrád a ghnóthaigh sé’ (Ó Glaisne). Tá na paróistí go léir a raibh sé ag obair iontu liostaithe in Who’s Who; i gCorcaigh atá a bhformhór. Toghadh é ina easpag ar Osraí, Fearna agus Leithghlinn i 1962 agus ina Ardeaspag ar Bhaile Átha Cliath i 1977. Deir Ó Glaisne: ‘Ainneoin an Ghaeilge a bheith ar a thoil aige, is le smaointeoireacht agus stiúrthóireacht ardleibhéil ar chúrsaí Eaglaise a chaith sé a dhúthracht, áfach, agus tá iomrá ar a shaothar mar sheanmóirí, mar léachtóir agus mar scríbhneoir, ní in Éirinn amháin ach sa Ghearmáin, sa Bhreatain agus i Meiriceá Thuaidh. . . . B’eisean duine den bheirt chomhchathaoirleach a bhí ar choimisiún mhór idirnáisiúnta Anglacánach-Caitliceach Rómhánach sna seachtóidí.’ Mhair an coimisiún sin ar feadh 1969-81. Scríobh sé tuairim 16 leabhar a mbaineann a bhformhór mór le spioradáltacht, diagacht, stair agus pearsana na heaglaise Anglacánaí. Rinne Comhalta Oinigh de Choláiste na Tríonóide de i 1989. D’éag sé 10 Nollaig 1998. Bhí sé pósta ar Leslie Dalziel Weir agus bhí mac agus beirt iníonacha acu.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »