Gheofar eolas i dtaobh an tseandálaí seo in Who’s Who, What’s What and Where in Ireland, 1973 agus in A Dictionary of Irish Biography, 1998 (3ú heagrán) le Henry Boylan. I mBun Cranncha, Co. Dhún na nGall, a rugadh í ar 6 Bealtaine 1925. Ba iad Éamonn MacDermott agus Delia MacVeigh a tuismitheoirí agus bhí deartháir agus deirfiúr aici; fuair an deirfiúr bás den niúmóine in aois a ceithre bliana. Tar éis di freastal a dhéanamh ar Chlochar na Trócaire i mBun Cranncha chuaigh sí go dtí an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Ghnóthaigh sí céim mháistir agus dochtúireacht agus ó 1946 go 1958 bhí sí ina cúntóir i Roinn na Seandálaíochta sa choláiste. Toghadh í ina ball d’Acadamh Ríoga na hÉireann agus foilsíodh páipéir a scríobh sí in Proceedings of the Royal Irish Academy, Archaeologia, Seanchas Ard Mhacha, Comhar. . . . Phós sí Liam de Paor i 1946 agus d’fhoilsigh Thames & Hudson Early Christian Ireland, 1958 leis an mbeirt acu. D’aistrigh sí go Béarla i 1954 leabhar Francoise Henry, L’art Irlandais. Is toisc go raibh post ag a fear céile sa Choláiste Ollscoile agus de dheasca polaitíochta sa Roinn Seandálaíochta sa choláiste sin a chaill sí féin a post ann, éagóir a ghoill go mór uirthi. D’oibríodh sí ina dhiaidh sin mar shaorthaighdeoir i Radio Telefís Éireann agus ceapadh go lánaimseartha ar an bhfoireann í i lár na 1970idí. Ó 1968 bhí baint mhór aici le Cumann Merriman mar stiúrthóir ar na scoileanna agus ar feadh ceithre bliana mar chathaoirleach. Ar feadh scór bliain bhí sí ina ball den Chomhairle Ealaíon. Ceapadh í ina ball de bhord Amharclann de hÍde i 1992. Ó 1962 amach bhí sí ina ball de Chraobh an Athar Micheál Ó hIceadha de Chonradh na Gaeilge. Bhí iníon agus ceathrar buachaillí aici féin agus Liam. D’éag sí ar 6 Nollaig 1994.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú