Ar 23/4 Feabhra a rugadh é i Nás, Co. Chill Dara, mar a raibh a athair Patrick Joseph Power ag obair sa bhanc. B’as Cill Rosanta, Co. Phort Láirge, dósan ó cheart. Col céathar do Risteard de Hindeberg a mháthairsean. B’as cathair Chill Chainnigh do mháthair Risteaird, Kathleen Murphy. Ar thaobh a máthar, arbh as Callainn di, bhí gaol aicisean le Edmund Ignatius Rice. Bhí ceathrar deartháireacha ag Risteard.

Chuaigh sé ar scoil chuig na Bráithre Críostaí i Nás agus i Sráid Synge, Baile Átha Cliath. Fuair sé post sa státseirbhís in Oifig na gComhlachtaí ar dtús agus ansin sna Coimisinéirí Cánach. Fuair sé an Dioplóma Riaracháin Phoiblí i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath agus ansin rinne cúrsa B.A. le honóracha i mBéarla agus i nGaeilge san oíche i gColáiste na Tríonóide. Casadh Ann Colvill, Sasanach ar de bhunadh Angla-Éireannach í, air ag an am sin. Bhí an bheirt acu ar bhord eagarthóireachta na hirise Icarus. Phós siad i Londain i 1955. Bhí seisear clainne acu.

Thosaigh sé ag scríobh gearrscéalta agus drámaí raidió i nGaeilge agus i mBéarla. Léiríodh a dhrámaí aonghnímh Saoirse (1955) agus An Oidhreacht (1958) in Amharchlann na Mainistreach. Chaith sé bliain de 1954/5 ar scoláireacht a thug Sáirséal agus Dill i gcomhar le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge dó chun cur faoi sa Ghaeltacht. Chaith sé sé mhí in Árainn, Inis Meáin agus Inis Oírr agus sé mhí eile ag obair ar láithreacha tógála i mBirmingham le hoileánaigh. Bhí de choinníoll ag gabháil leis an scoláireacht go dtiocfadh leabhar óna pheann de thairbhe na bliana. Ba í Úll i mbarr an Ghéagáin (1959) an leabhar sin agus bhuaigh sí duais an Chlub Leabhar. Sa bhliain chéanna sin fuair sé cead ón státseirbhís (An Roinn Rialtais Áitiúil mar a raibh sé ag obair mar Oifigeach Sóisearach Riaracháin um an dtaca seo) chun dhá bhliain a chaitheamh in Ollscoil Iowa mar a raibh scoláireacht faighte aige sa cheardlann scríbhneoireachta. Bhain sé amach M.A. (Fine Arts) ann. Bhí MA aige ó Choláiste na Tríonóide sular thug Ollscoil Iowa MFA dó.

Tháinig a chéad leabhar i mBéarla amach i 1964, Land of Youth. Bhí sé mar “Leabhar na Míosa” ag díoltóirí leabhar Mheiriceá. Ag an am seo bhí sé ag obair do Roinn an Rialtais Áitiúil, é i gceannas ar fhoilseacháin agus ar scannáin go háirithe. Scríobhadh sé féin scripteanna do chuid de scannáin na Roinne agus ghnóthaigh péire díobh duaiseanna ag féiltí Chorcaí agus Milan.

Foilsíodh a úrscéal The Hungry Grass i 1966. Fuair sé ardmholadh ó léirmheastóirí in Éirinn agus thar lear. D’éag sé ar 12 Feabhra 1970. Chaoin Máirtín Ó Direáin é agus dúirt faoin ngadaí fuar an bás :

A theacht sa samhradh níor chuibhe

Chugatsa ar shamhradh do mhéin

go huile.

Deartháir dó ba ea Victor de Paor a bhí tamall ina shagart cúnta sa Rinn, Co. Phort Láirge, agus a scríobh drámaí agus gearrscéalta i nGaeilge agus i mBéarla. Fuair seisean bás in Bisbee, Arizona, ar 28 Meán Fómhair 1987.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú