An phríomhthábhacht a bhaineann lena ainm gurbh é an t-aistriúchán Béarla a rinne sé ar Foras Feasa ar Éirinn le Seathrún Céitinn an chéad cheann dár cuireadh i gcló; i 1723 a foilsíodh é, díreach nuair a bhí díospóireacht faoi lánseol, a raibh impleachtaí polaitiúla ag gabháil léi, i dtaobh ar thír shibhialta Éire roimh theacht na Normannach nó nárbh ea. Cuireann Michael Cronin tábhacht dá réir lena aistriúchán sa chaibidil ‘Digging up the Past’ in Translating Ireland, Languages, Cultures, 1996. Tugann cúrsa a shaoil léiriú ar an gcaoi a bhféadfadh duine teacht i dtír ar an léann dúchais i mBaile Átha Cliath agus i Londain sa leath tosaigh den 18ú haois.

Gheofar cuntas ar an gconspóid faoin aistriúchán úd in Ag Cruinniú Meala: Anthony Raymond (1675–1726) agus Léann na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, 1988 le Alan Harrison agus in John Toland 1670–1722, 1994 leis an údar céanna. In Eighteenth-Century Ireland, 1987 tá aiste, ‘Dermot O’Connor, Translator of Keating’ le Diarmaid Ó Catháin, agus in imleabhar 1990 den iris chéanna tá aiste ag N.J.A. Williams: ‘Dermot O’Connor’s Blazons and Irish Heraldic Terminology’. Scríobh Seán Ó Neachtain péire dán cáinteacha faoi (‘In aghaidh Dhiarmuid Uí Chonchubhair’ agus ‘Seán Ó Neachtain ar an Diarmuid céanna’) agus tá siad i gcló ag M.H. Risk in Éigse, earrach 1967 (‘Two Poems on Diarmaid Ó Conchubhair’). Sa dán faoi scoláirí Gaeilge Bhaile Átha Cliath (‘Sloinfead scothadh na Gaoidheilge grinn’) thagair Tadhg Ó Neachtain dó mar shaoi nach raibh saor ó locht.

Glactar leis gur chainteoir dúchais Gaeilge é, ach go raibh Béarla aige óna óige, gur mhac le Tadhg Rua Ó Conchubhair é agus gurbh i Luimneach a rugadh é. Bhain sé leis an sliocht a dtugtar Ó Conchubhair Chiarraí air. Scríobhaí agus péintéir araltach ba ea é. Tá lámhscríbhinní dá dhéantus in Acadamh Ríoga na hÉireann, Leabharlann na Breataine, Maigh Nuad, an Bodleian in Oxford... liostaithe ag Ó Catháin; tá cuid díobh neamhghnách sa mhéid gur spreag an taithí araltach é chun a shaothar a mhaisiú le hornáidí. Bhí sé ag gabháil do cheird an scríobhaí i Luimneach ó 1716 go dtí gur aistrigh sé go Baile Átha Cliath i 1719. Casadh air ansiúd Anthony Raymond, Déan Bhaile Átha Troim, agus cuid de scoláirí Gaeilge na cathrach, Seán agus Tadhg Ó Neachtain, go háiríthe. Bhí dúil ag Raymond i stair agus i gcultúr na hÉireann agus é ar intinn aige an Foras Feasa a aistriú; bhí eolas curtha aige ar an nGaeilge mar áis in obair a pharóiste. Fuair Ó Conchubhair post ag cabhrú leis ina chuid taighde. Ach d’imigh sé go Londain i 1720 agus beagnach láithreach d’fhoilsigh scéim chun aistriúchán de stair Chéitinn a fhoilsiú; bhí ceithre chóip den Foras Feasa déanta aige agus is ar chóip a rinne sé do Mhuirís Ó Conchubhair Fáilghe, abhcóide i Londain, a bhunaigh sé an t-aistriúchán. D’éirigh leis 300 síntiúsóir a fháil i Londain agus 400 i mBaile Átha Cliath.

Ní foláir nó chonaic Tomás Ó Súilleabháin [Thomas O’Sullevane q.v.] an réamhthógraíocht. Sa réamhrá le The Memoirs of the Right Honourable The Marquis of Clanricarde, 1722, thug sé faoin gCéitinneach féin (‘an heap of insipid, ill-digested Fables’), agus faoin gConchubharach, á rá nárbh ann do sheanleabhar áirithe a bhí luaite sa réamhfhógraíocht, gur chuir Ó Conchubhair ábhar breise dá chuid féin ann, agus gurbh é John Toland údar an aistriúcháin seo dairíre. Thug Ó Conchubhair freagra air i réamhrá a leabhair, The general History of Ireland ... Collected by the learned Jeoffrey Keating, D.D... . I dtreo dheireadh Eanáir 1723 a foilsíodh i Londain é. Bhí buíochas gafa aige le Raymond sa réamhrá ach thug seisean fogha faoi in Dublin Gazette 6 Aibreán 1723, chuir mímhacántacht agus gadaíocht ina leith, agus lean air ag sciolladh air agus ag lochtú an aistriúchán in dhá phaimfléad. Chuir clódóir an dara heagrán (1726) i leith Uí Chonchubhair gur éalaigh sé le £300 d’airgead na sintiúsóirí, líomhain a bhunaigh sé ar rud a dúirt Raymond. Deir Ó Catháin: ‘As to the text itself, O’Connor took considerable liberties with his original and the translation has been universally criticized. In fact, scarcely any writer with a knowledge of Irish from that day to this has had a good word to say about it.’ Ba é breithiúnas Chathail Uí Chonchubhair air: ‘In innumerable passages, it is as much a version of Geoffry of Monmouth as of Geoffry Keating.’ Dúirt J.H. Todd: ‘O’Mahony’s [Seán Ó Mathúna B6] translation is a great improvement upon the ignorant and dishonest one published by Mr. Dermod O’Connor... which has so unjustly lowered in public estimation the character of Keating as a historian’ (I gcló ag Dáithí Coimín sa réamhrá a chuir sé le Foras Feasa ar Éirinn, 1902). Ach ina ainneoin sin bhí ceannach maith ar an leabhar, agus go ceann breis agus 100 bliain bhí athchlónna agus eagráin nua á gcur i gcló. Tá de dhifriocht idir na chéad eagráin i Londain agus i mBaile Átha Cliath gur mó den Ghaeilge atá i gceann Londan. Gan cló gaelach a bheith le fáil i mBaile Átha Cliath an fáth a thugtar air sin.

Shaothraíodh sé airgead ag scríobh ginealach. Luaitear go minic go ndearna sé ceann i 1724 do Mathew Quilty i Malaga sa Spáinn. Deir N.J.A. Williams: ‘Regrettably O’Connor was something of a charlatan.... Nonetheless a detailed examination of O’Connor’s heraldic descriptions (blazons) is worthwhile, for nowhere else do we find Irish used so extensively for heraldic description’. Deir sé freisin: ‘Dermot O’Connor was an accomplished heraldic artist and an experienced if inaccurate heraldist.’

Fuair sé bás tuairim 1730. Scríobh Thomas Hearne, Coimeádaí Leabharlann Bhodley, 5 Aibreán 1726 gur dúradh leis go raibh sé marbh: ‘Oconner, it seems, hath been in prison, and his nose is eat with the Pox, wch he got by having two wives together, both it seems still living. This Oconnor, therefore, by what I learn is an Horrid villain’ (i gcló ag Harrison). Ach in Irish Book Lover, Aibreán 1912 scríobh W.H. Grattan Flood: ‘I have seen it stated that O’Connor died in 1732, but Mr Lenihan [staraí Luimnigh] was of opinion that he died in 1729.’ In Ceol agus rince na hÉireann, 1989 deir Breandán Breathnach gurbh eisean an ‘Mr Dermod O’Connar, of Limerick’ a roghnaigh sciar na hÉireann de na foinn, 28 díobh, in Aria di Camera, [1727] a foilsíodh i Londain agus arb é atá ann ‘A Choice Collection of Scotch, Irish and Welsh Airs for the Violin and German Flute’. Deir sé freisin nár chuir foilsitheoir an chnuasaigh sin rud ar bith i gcló nach raibh goidte aige as leabhair eile; sa chás áirithe seo deir sé gur léir gur as leabhar John agus William Neal (A Collection of the most Celebrated Irish Tunes..., 1724) a tógadh na foinn ach tuairimíonn gurbh é an Conchubhaireach a chnuasaigh na foinn an chéad lá riamh do mhuintir Neal.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú